+Airteagal 19 Tuairisciú comhtháite ar ghníomhaíochtaí oiriúnaithe náisiúnta, tacaíocht airgeadais agus teicneolaíochta arna soláthar do thíortha i mbéal forbartha agus ioncaim cheantála
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 19 5.
|
Airteagal 19 Tuairisciú comhtháite ar ghníomhaíochtaí oiriúnaithe náisiúnta, tacaíocht airgeadais agus teicneolaíochta arna soláthar do thíortha i mbéal forbartha agus ioncaim cheantála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1.
|
Faoin 15 Márta 2021, agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, tuairisceoidh na Ballstáit faisnéis chuig an gCoimisiún maidir lena bpleanáil agus a straitéisí oiriúnaithe náisiúnta don athrú aeráide, agus tabharfaidh siad breac-chuntas ar na gníomhaíochtaí atá curtha chun feidhme agus beartaithe acu chun oiriúnú don athrú aeráide a éascú lena n-áirítear an fhaisnéis a shonraítear i gCuid 1 d'Iarscríbhinn VIII agus i gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe arna gcomhaontú faoi UNFCCC agus faoi Chomhaontú Pháras.
|
|
Airteagal 19 2.
|
Faoin 31 Iúil 2021 agus gach bliain ina dhiaidh sin (bliain X), tuairisceoidh na Ballstáit faisnéis chuig an gCoimisiún faoin leas a baineadh as ioncam arna ghiniúint ag an mBallstát as lamháltais a cheantáil de bhun Airteagal 10(1) agus Airteagal 3d(1) nó (2) de Threoir 2003/87/CE lena n-áirítear an fhaisnéis a shonraítear i gCuid 3 d'Iarscríbhinn VIII.
|
|
Airteagal 19 3.
|
Faoin 30 Meán Fómhair 2021 agus gach bliain ina dhiaidh sin (bliain X), tuairisceoidh na Ballstáit faisnéis chuig an gCoimisiún faoi thacaíocht a thabhairt do thíortha atá i mbéal forbartha, lena n-áirítear an fhaisnéis a shonraítear i gCuid 2 d'Iarscríbhinn VIII agus i gcomhréir leis na ceanglais ábhartha tuairiscithe arna comhaontú faoi UNFCCC agus faoi Chomhaontú Pháras.
|
|
Airteagal 19 4.
|
Déanfaidh na Ballstáit na tuarascálacha a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin de bhun an Airteagail seo a chur ar fáil don phobal, cé is moite den fhaisnéis a shonraítear i bpointe (b) de Chuid 2 d'Iarscríbhinn VIII.
|
|
Airteagal 19 5.
|
Glacfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste um Athrú Aeráide dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 44(1), gníomhartha cur chun feidhme chun struchtúr, formáid agus próisis an churtha isteach a leagan amach do na Ballstáit atá ag tuairisciú faisnéise de bhun an Airteagail seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(6).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|