|
+Airteagal 22 Tuairisciú comhtháite ar an gcinnteacht fuinnimh |
Airteagal 22 Tuairisciú comhtháite ar an gcinnteacht fuinnimhAirteagal 22 Tuairisciú comhtháite ar an gcinnteacht fuinnimh Sna tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn áireoidh na Ballstáit faisnéis faoi chur chun feidhme an méid seo a leanas:
(a)
cuspóirí náisiúnta i ndáil le héagsúlú i dtaca le foinsí agus soláthar an fhuinnimh;
(b)
i gcás inarb infheidhme, cuspóirí náisiúnta i ndáil le spleáchas ar allmhairiú fuinnimh ó thríú tíortha a laghdú;
(c)
cuspóirí náisiúnta i ndáil le hullmhacht chun dul i ngleic le soláthar srianta nó briste ó fhoinse fuinnimh, lena n-áirítear gás agus leictreachas;
(d)
cuspóirí náisiúnta i ndáil le solúbthacht an chórais náisiúnta fuinnimh a mhéadú, go háirithe trí bhíthin foinsí fuinnimh intíre, freagairt ar éileamh agus stóráil fuinnimh a chur chun tairbhe;
(e)
na beartais agus na bearta atá curtha chun feidhme, glactha agus beartaithe chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (a) go (d) a bhaint amach;
(f)
comhar réigiúnach maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí agus na mbeartas dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d);
(g)
gan dochar d'Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE, bearta airgeadais, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, sa réimse sin ar an leibhéal náisiúnta, i gcás inarb infheidhme. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|