+Airteagal 33 Sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite
---+Airteagal 33 1.
---+Airteagal 33 2.
---+Airteagal 33 3.
---+Airteagal 33 4.
---+Airteagal 33 5.
|
Airteagal 33 Sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 33 1.
|
Faoin 1 Eanáir 2021, bunóidh an Coimisiún sásra maoiniúcháin de chuid an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 32(3) chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail nua fuinnimh in-athnuaite san Aontas agus é mar aidhm leis bearna i gconair tháscach an Aontais a chumhdach. Féadfar tacaíocht a thabhairt, inter alia mar phréimh a bheidh de bhreis ar phraghsanna an mhargaidh, agus leithdháilfear í ar thionscadail a iarrann an costas nó an phréimh is ísle.
|
|
Airteagal 33 2.
|
Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo, leis an sásra maoiniúcháin, rannchuideofar leis an gcreat cumasúcháin de bhun Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2018/2001 agus é mar aidhm leis tacú le forbairt an fhuinnimh in-athnuaite ar fud an Aontais gan beann ar bhearna i gconair tháscach an Aontais. Chuige sin:
(a)
féadfar íocaíochtaí ó na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 32 a chomhlánú le foinsí breise, amhail cistí an Aontais, ranníocaíochtaí ón earnáil phríobháideach nó íocaíochtaí breise ó Bhallstáit chun rannchuidiú le sprioc an Aontais a bhaint amach;
(b)
leis an sásra maoiniúcháin, inter alia féadfar tacaíocht a thabhairt i bhfoirm iasachtaí ar ús íseal, deontas, nó meascán den dá rud agus féadfaidh sé tacú, inter alia le comhthionscadail idir Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2018/2001 agus rannchuidiú Ballstát i gcomhthionscadail le tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 11 den Treoir sin.
|
|
Airteagal 33 3.
|
Coimeádfaidh na Ballstáit an ceart a chinneadh cibé acu an gceadófar nó nach gceadófar do shuiteálacha atá lonnaithe ar a gcríoch tacaíocht a fháil ón sásra maoiniúcháin, agus i gcás ina gceadaítear, na coinníollacha faoina gceadófar é sin.
|
|
Airteagal 33 4.
|
Féadfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste Aontais Fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 44(1), gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na forálacha is gá a leagan amach i ndáil le bunú agus feidhmiú an tsásra maoiniúcháin, go háirithe:
(a)
an mhodheolaíocht le haghaidh leibhéal uasta na préimhe do gach tairiscint a ríomh;
(b)
leagan amach na tairisceana a bheidh le cur i bhfeidhm, lena n-áirítear coinníollacha maidir le seachadadh agus pionóis a bhaineann leo;
(c)
an mhodheolaíocht le haghaidh ranníocaíochtaí na mBallstát a ríomh agus na sochair staitistiúla a eascraíonn astu do na Ballstáit a thugann an ranníocaíocht;
(d)
ceanglais íosta le haghaidh rannpháirtíocht na mBallstát, ag féachaint don ghá go mbeadh leanúnachas sa dá rud, is iad sin an sásra trí bhíthin tréimhse leordhóthanach do ranníocaíocht an Bhallstáit, chomh maith leis an méid solúbthachta uasta maidir le rannpháirtíocht na mBallstát;
(e)
forálacha lena n-áirithítear rannpháirtíocht agus/nó formheas na mBallstát óstach, agus, i gcás inar gá, forálacha a bhaineann le muirir i leith costais bhreise chórais.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(6).
|
|
Airteagal 33 5.
|
Gach bliain, déanfar an fuinneamh in-athnuaite arna ghiniúint ag suiteálacha a mhaoinítear as an sásra maoiniúcháin a leithdháileadh ar bhonn staitistiúil ar na Ballstáit rannpháirteacha de réir a ranníocaíochta ábhartha. Tionscadail lena dtacaítear leis an sásra maoiniúcháin sin, a mhaoinítear le foinsí eile seachas íocaíochtaí na mBallstáit, ní chuirfear i gcuntas iad maidir le rannchuidithe náisiúnta na mBallstát ach ina n-ionad sin, cuirfear i gcuntas iad i dtreo sprioc cheangailteach an Aontais de bhun Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|