|
+Airteagal 33 4. |
Airteagal 33 4.Féadfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste Aontais Fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 44(1), gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na forálacha is gá a leagan amach i ndáil le bunú agus feidhmiú an tsásra maoiniúcháin, go háirithe:
(a)
an mhodheolaíocht le haghaidh leibhéal uasta na préimhe do gach tairiscint a ríomh;
(b)
leagan amach na tairisceana a bheidh le cur i bhfeidhm, lena n-áirítear coinníollacha maidir le seachadadh agus pionóis a bhaineann leo;
(c)
an mhodheolaíocht le haghaidh ranníocaíochtaí na mBallstát a ríomh agus na sochair staitistiúla a eascraíonn astu do na Ballstáit a thugann an ranníocaíocht;
(d)
ceanglais íosta le haghaidh rannpháirtíocht na mBallstát, ag féachaint don ghá go mbeadh leanúnachas sa dá rud, is iad sin an sásra trí bhíthin tréimhse leordhóthanach do ranníocaíocht an Bhallstáit, chomh maith leis an méid solúbthachta uasta maidir le rannpháirtíocht na mBallstát;
(e)
forálacha lena n-áirithítear rannpháirtíocht agus/nó formheas na mBallstát óstach, agus, i gcás inar gá, forálacha a bhaineann le muirir i leith costais bhreise chórais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(6). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|