+Airteagal 7 Ceanglais marcála
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.

Airteagal 7 Ceanglais marcála

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7 1.

Maidir le gach táirge plaisteach aon úsáide a liostaítear i gCuid D den Iarscríbhinn a chuirtear ar an margadh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh marcáil dhoscriosta sholéite fheiceálach ar a phacáistíocht nó ar an táirge féin lena gcuirfear tomhaltóirí ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a) 

roghanna iomchuí bainistithe dramhaíola don táirge nó meáin diúscartha dramhaíola is ceart a sheachaint i gcás an táirge sin, i gcomhréir leis an ordlathas dramhaíola; agus

(b) 

láithreacht plaisteach sa táirge agus an tionchar diúltach a tharlódh dá réir dá gcaithfí na táirgí mar bhruscar nó dá ndéanfaí iad a dhiúscairt ar mhodh diúscartha mhíchuí eile ar an gcomhshaol.

Bunóidh an Coimisiún na sonraíochtaí comhchuibhithe marcála i gcomhréir le mír 2.

Airteagal 7 2.

Faoin 3 Iúil 2020, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear na sonraíochtaí comhchuibhithe don mharcáil dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

lena bhforálfar go ndéanfar na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i pointí (1), (2) agus (3) de Chuid D den Iarscríbhinn a mharcáil ar phacáistíocht díola agus grúpála na dtáirgí sin. I gcás ina ndéantar an t-iliomad aonad díolacháin a ghrúpáil ag an bpointe ceannaigh, beidh marc ar phacáistíocht gach aonaid díolacháin. Pacáistíocht ar lú ná 10 cm2 a dromchla, ní bheidh gá é a mharcáil;

(b) 

lena bhforálfar go ndéanfar na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i bpointe (4) de chuid D den Iarscríbhinn a mharcáil ar an táirge féin; agus

(c) 

lena mbreithneofar cuir chuige dheonacha earnálacha atá ann cheanaagus lena dtabharfar aird ar leith ar an ngá faisnéis a sheachaint lena gcuirfí tomhaltóirí amú.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 7 3.
Forálacha an Airteagail seo maidir le táirgí tobac, is sa bhreis a bheidh siad ar na forálacha a leagtar síos i dTreoir 2014/40/AE.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0904
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.