|
+Airteagal 7 2. |
Airteagal 7 2.Faoin 3 Iúil 2020, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear na sonraíochtaí comhchuibhithe don mharcáil dá dtagraítear i mír 1:
(a)
lena bhforálfar go ndéanfar na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i pointí (1), (2) agus (3) de Chuid D den Iarscríbhinn a mharcáil ar phacáistíocht díola agus grúpála na dtáirgí sin. I gcás ina ndéantar an t-iliomad aonad díolacháin a ghrúpáil ag an bpointe ceannaigh, beidh marc ar phacáistíocht gach aonaid díolacháin. Pacáistíocht ar lú ná 10 cm2 a dromchla, ní bheidh gá é a mharcáil;
(b)
lena bhforálfar go ndéanfar na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i bpointe (4) de chuid D den Iarscríbhinn a mharcáil ar an táirge féin; agus
(c)
lena mbreithneofar cuir chuige dheonacha earnálacha atá ann cheanaagus lena dtabharfar aird ar leith ar an ngá faisnéis a sheachaint lena gcuirfí tomhaltóirí amú. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|