+Airteagal 9 Bailiú ar leithligh
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.

Airteagal 9 Bailiú ar leithligh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 9 1.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun bailiú ar leithligh a áirithiú le haghaidh an méid thíos a athchúrsáil:

(a) 

faoi 2005, méid dramhaíola ó na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid F den Iarscríbhinn arb ionann é agus 77 % d’iomlán na dtáirgí plaisteacha aon úsáide sin a chuirtear ar an margadh in aon bhliain amháin de réir meáchain;

(b) 

faoi 2029, méid dramhaíola ó na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid F den Iarscríbhinn arb ionann é agus 90 % d’iomlán na dtáirgí plaisteacha aon úsáide sin a chuirtear ar an margadh in aon bhliain amháin de réir meáchain.

Táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid F den Iarscríbhinn a chuirtear ar an margadh i mBallstát, féadfar a mheas gurb ionann iad agus méid na dramhaíola a ghintear ó na táirgí sin, lena n-áirítear mar bhruscar, sa bhliain sin sa Bhallstát sin.

Chun an cuspóir sin a bhaint amach, féadfaidh na Ballstáit inter alia:

(a) 

scéimeanna aisíoctha éarlaisí a bhunú;

(b) 

spriocanna bailithe ar leithligh a bhunú le haghaidh scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora ábhartha.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír gan dochar do phointe (a) d’Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2008/98/CE.

Airteagal 9 2.
Éascóidh an Coimisiún an malartú faisnéise agus comhroinnt na gcleachtas is fearr i measc na mBallstát maidir leis na bearta is iomchuí chun na spriocanna sin a leagtar síos i mír 1 a bhaint amach, inter alia maidir le scéimeanna aisíoctha éarlaisí. Na torthaí a bheidh ar an malartú faisnéise agus ar chomhroinnt na ndea-chleachtas sin, cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí iad.
Airteagal 9 3.
Faoin 3 Iúil 2020, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagfar síos an mhodheolaíocht chun na spriocanna maidir le bailiú ar leithligh a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a ríomh agus a fhíorú. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0904
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.