|
+Airteagal 9 1. |
Airteagal 9 1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun bailiú ar leithligh a áirithiú le haghaidh an méid thíos a athchúrsáil:
(a)
faoi 2005, méid dramhaíola ó na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid F den Iarscríbhinn arb ionann é agus 77 % d’iomlán na dtáirgí plaisteacha aon úsáide sin a chuirtear ar an margadh in aon bhliain amháin de réir meáchain;
(b)
faoi 2029, méid dramhaíola ó na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid F den Iarscríbhinn arb ionann é agus 90 % d’iomlán na dtáirgí plaisteacha aon úsáide sin a chuirtear ar an margadh in aon bhliain amháin de réir meáchain. Táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid F den Iarscríbhinn a chuirtear ar an margadh i mBallstát, féadfar a mheas gurb ionann iad agus méid na dramhaíola a ghintear ó na táirgí sin, lena n-áirítear mar bhruscar, sa bhliain sin sa Bhallstát sin. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, féadfaidh na Ballstáit inter alia:
(a)
scéimeanna aisíoctha éarlaisí a bhunú;
(b)
spriocanna bailithe ar leithligh a bhunú le haghaidh scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora ábhartha. Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír gan dochar do phointe (a) d’Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2008/98/CE. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|