+Airteagal 13 Córais faisnéise agus tuairisciú
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.

Airteagal 13 Córais faisnéise agus tuairisciú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1.

Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún, le haghaidh gach bliain féilire, maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

sonraí maidir leis na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn a chuirtear ar mhargadh an Bhallstáit gach bliain, chun an laghdú tomhaltais a léiriú i gcomhréir le hAirteagal 4(1);

(b) 

faisnéis maidir leis na bearta a rinne na Ballstáit chun críocha Airteagal 4(1);

(c) 

sonraí maidir leis na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid F den Iarscríbhinn a bhailítear ar leithligh sa Bhallstát gach bliain, chun baint amach na spriocanna maidir le bailiú ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 9(1) a léiriú;

(d) 

sonraí maidir le trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach a chuirtear ar an margadh agus maidir le dramhthrealamh iascaireachta a bhailítear sa Bhallstát gach bliain;

(e) 

faisnéis maidir le hinneachar athchúrsáilte sna buidéil deochanna a liostaítear i gCuid F den Iarscríbhinn chun baint amach na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 6(5) a léiriú;

(f) 

sonraí maidir le dramhaíl iarthomhaltais na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i Roinn III de Chuid E den Iarscríbhinn a bailíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(3).

Tuairisceoidh na Ballstáit na sonraí agus an fhaisnéis trí mheán leictreonach laistigh de 18 mí ó dheireadh na bliana tuairiscithe inar bailíodh iad. Tuairisceofar na sonraí agus an fhaisnéis san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo.

An bhliain féilire 2022 an chéad tréimhse tuairiscithe, cé is moite de phointe (e) agus pointe (f) den chéad fhomhír arbh í an bhliain féilire 2023 an chéad tréimhse tuairiscithe dóibh.

Airteagal 13 2.
Na sonraí agus an fhaisnéis arna dtuairisciú ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo, beidh tuarascáil ina mbeidh seiceáil cáilíochta ag gabháil leo. Tuairisceofar na sonraí agus an fhaisnéis san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4.
Airteagal 13 3.
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis a thuairiscítear i gcomhréir leis an Airteagal seo agus foilseoidh sé tuarascáil ar thorthaí an athbhreithnithe sin. Déanfar measúnú sa tuarascáil ar eagrú bhailiú na sonraí agus na faisnéise, foinsí na sonraí agus na faisnéise agus an mhodheolaíocht a úsáidtear sna Ballstáit mar aon le hiomláine, iontaofacht, tráthúlacht agus comhsheasmhacht na sonraí agus na faisnéise sin. Féadfaidh moltaí sonracha le haghaidh feabhais a bheith sa mheasúnú. Déanfar an tuarascáil a tharraingt suas tar éis tar éis an chéad uair a thuairisceoidh na Ballstáit na sonraí agus an fhaisnéis agus gach 4 bliana dá éis sin.
Airteagal 13 4.
Faoin 3 Eanáir 2021, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leagfar síos an fhormáid chun sonraí agus faisnéis a thuairisciú i gcomhréir le pointí (a) agus (b) den chéad mhír agus mír 2 den Airteagal seo.

Faoin 3 Iúil 2020, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leagfar síos an fhormáid chun sonraí a thuairisciú i gcomhréir le pointe (c) agus pointe (d) den chéad mhír agus mír 2 den Airteagal seo.

Faoin 1 Eanáir 2022, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe lena leagfar síos an fhormáid chun sonraí agus faisnéis a thuairisciú i gcomhréir le pointe (e) agus pointe (f) den chéad mhír agus mír 2 den Airteagal seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2). Déanfar an fhormáid a forbraíodh i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 94/62/CEa a chur san áireamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0904
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.