|
+Airteagal 13 1. |
Airteagal 13 1.Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún, le haghaidh gach bliain féilire, maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
sonraí maidir leis na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn a chuirtear ar mhargadh an Bhallstáit gach bliain, chun an laghdú tomhaltais a léiriú i gcomhréir le hAirteagal 4(1);
(b)
faisnéis maidir leis na bearta a rinne na Ballstáit chun críocha Airteagal 4(1);
(c)
sonraí maidir leis na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid F den Iarscríbhinn a bhailítear ar leithligh sa Bhallstát gach bliain, chun baint amach na spriocanna maidir le bailiú ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 9(1) a léiriú;
(d)
sonraí maidir le trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach a chuirtear ar an margadh agus maidir le dramhthrealamh iascaireachta a bhailítear sa Bhallstát gach bliain;
(e)
faisnéis maidir le hinneachar athchúrsáilte sna buidéil deochanna a liostaítear i gCuid F den Iarscríbhinn chun baint amach na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 6(5) a léiriú;
(f)
sonraí maidir le dramhaíl iarthomhaltais na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i Roinn III de Chuid E den Iarscríbhinn a bailíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(3). Tuairisceoidh na Ballstáit na sonraí agus an fhaisnéis trí mheán leictreonach laistigh de 18 mí ó dheireadh na bliana tuairiscithe inar bailíodh iad. Tuairisceofar na sonraí agus an fhaisnéis san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo. An bhliain féilire 2022 an chéad tréimhse tuairiscithe, cé is moite de phointe (e) agus pointe (f) den chéad fhomhír arbh í an bhliain féilire 2023 an chéad tréimhse tuairiscithe dóibh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|