+Airteagal 15 Meastóireacht agus athbhreithniú
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.

Airteagal 15 Meastóireacht agus athbhreithniú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 15 1.
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo faoin 3 Iúil 2027. Beidh an mheastóireacht sin bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 13. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún aon fhaisnéis bhreise is gá chun críocha na meastóireachta agus chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a ullmhú.
Airteagal 15 2.
Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le príomhthorthaí na meastóireachta a dhéanfar i gcomhréir le mír 1. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí. Leis an togra sin, i gcás inarb iomchuí, socrófar spriocanna cainníochtúla ceangailteacha le haghaidh laghdú tomhaltais agus socrófar ann rátaí ceangailteacha bailiúcháin ar dhramhthrealaimh iascaireachta.
Airteagal 15 3.

Áireofar na nithe seo a leanas sa tuarascáil:

(a) 

measúnú ar an ngá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Iarscríbhinn ina liostaítear táirgí plaisteacha aon úsáide, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le caipíní agus cláir déanta as plaistigh a úsáidtear le haghaidh coimeádáin dí de ghloine agus de mhiotal;

(b) 

staidéar féidearthachta i dtaca le rátaí ceangailteacha bailiúcháin do dhramhthrealamh iascaireachta agus spriocanna cainníochtúla ceangailteacha de chuid an Aontais a bhunú le haghaidh laghdú tomhaltais na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn go háirithe, ina gcuirtear san áireamh leibhéil tomhaltais agus laghduithe a baineadh amach cheana féin sna Ballstáit;

(c) 

measúnú ar an athrú in ábhair a úsáidtear i dtáirgí plaisteacha aonúsáide a chumhdaítear leis an Treoir seo mar aon le patrúin nua tomhaltais agus samhlacha nua gnó bunaithe ar roghanna malartacha in-athúsáidte; áireofar ar an méid sin, nuair is féidir, anailís ar an saolré fhoriomlán ionas gur féidir a mheasúnú cén tionchar a bhíonn ag táirgí den sórt sin, agus a roghanna malartacha, ar an gcomhshaol; agus

(d) 

measúnú ar an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil maidir le critéir nó caighdeán le haghaidh in-bhithmhillteacht sa chomhshaol muirí is infheidhme maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide laistigh de raon feidhme na Treorach seo agus maidir lena n-ionadaigh aon úsáide, lena n-áirithítear a ndianscaoileadh go hiomlán ina charbón dé-ocsaíde (CO2), ina bhithmhais agus ina uisce laistigh d’amscála gairid go leor ionas nach mbeadh na plaistigh díobhálach do bheathra muirí agus nach gcomhchruinneodh na plaistigh sa chomhshaol.

Airteagal 15 4.
Mar chuid den mheastóireacht a rinneadh de bhun mhír 1, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na bearta a glacadh faoin Treoir seo a mhéid a bhaineann le táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i Roinn III de chuid E den Iarscríbhinn agus tíolacfaidh sé tuarascáil ar na príomhthátail. Ina theannta sin, breithneofar sa tuarascáil na roghanna do bhearta ceangailteacha maidir le laghdú a dhéanamh ar an dramhaíl iarthomhaltais i dtaca le táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i Roinn III de Chuid E den Iarscríbhinn lena n-áirítear an fhéidearthacht maidir le rátaí ceangailteacha bailiúcháin a shocrú don dramhaíl iarthomhaltais. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil, más iomchuí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0904
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.