|
+Airteagal 15 3. |
Airteagal 15 3.Áireofar na nithe seo a leanas sa tuarascáil:
(a)
measúnú ar an ngá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Iarscríbhinn ina liostaítear táirgí plaisteacha aon úsáide, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le caipíní agus cláir déanta as plaistigh a úsáidtear le haghaidh coimeádáin dí de ghloine agus de mhiotal;
(b)
staidéar féidearthachta i dtaca le rátaí ceangailteacha bailiúcháin do dhramhthrealamh iascaireachta agus spriocanna cainníochtúla ceangailteacha de chuid an Aontais a bhunú le haghaidh laghdú tomhaltais na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn go háirithe, ina gcuirtear san áireamh leibhéil tomhaltais agus laghduithe a baineadh amach cheana féin sna Ballstáit;
(c)
measúnú ar an athrú in ábhair a úsáidtear i dtáirgí plaisteacha aonúsáide a chumhdaítear leis an Treoir seo mar aon le patrúin nua tomhaltais agus samhlacha nua gnó bunaithe ar roghanna malartacha in-athúsáidte; áireofar ar an méid sin, nuair is féidir, anailís ar an saolré fhoriomlán ionas gur féidir a mheasúnú cén tionchar a bhíonn ag táirgí den sórt sin, agus a roghanna malartacha, ar an gcomhshaol; agus
(d)
measúnú ar an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil maidir le critéir nó caighdeán le haghaidh in-bhithmhillteacht sa chomhshaol muirí is infheidhme maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide laistigh de raon feidhme na Treorach seo agus maidir lena n-ionadaigh aon úsáide, lena n-áirithítear a ndianscaoileadh go hiomlán ina charbón dé-ocsaíde (CO2), ina bhithmhais agus ina uisce laistigh d’amscála gairid go leor ionas nach mbeadh na plaistigh díobhálach do bheathra muirí agus nach gcomhchruinneodh na plaistigh sa chomhshaol. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|