+Airteagal 5 Praghsanna soláthair margadhbhunaithe
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
---+Airteagal 5 7.
---+Airteagal 5 8.
---+Airteagal 5 9.
---+Airteagal 5 10.
|
Airteagal 5 Praghsanna soláthair margadhbhunaithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
Beidh saoirse ag soláthróirí an praghas ag a soláthróidh siad leictreachas do na custaiméirí a chinneadh. Déanfaidh na Ballstáit gníomhaíochtaí iomchuí chun iomaíocht éifeachtach idir na soláthróirí a áirithiú.
|
|
Airteagal 5 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na custaiméirí teaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh agus atá leochaileach a chosaint de bhun Airteagail 28 agus 29 trí bheartas sóisialta nó trí mhodhanna eile seachas idirghabhálacha poiblí i socrú na bpraghsanna do sholáthar an leictreachais.
|
|
Airteagal 5 3.
|
De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na Ballstáit idirghabhálacha poiblí a chur i bhfeidhm i leith shocrú na bpraghsanna do sholáthar an leictreachais do chustaiméirí teaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh nó atá leochaileach. Beidh idirghabhálacha poiblí den sórt sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i míreanna 4 agus 5.
|
|
Airteagal 5 4.
|
Maidir le hidirghabhálacha poiblí i leith shocrú na bpraghsanna do sholáthar an leictreachais:
(a)
saothróidh siad leas eacnamaíoch ginearálta agus ní rachaidh siad thar a bhfuil riachtanach chun an leas eacnamaíoch ginearálta sin a bhaint amach;
(b)
beidh siad sainmhínithe, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe;
(c)
déanfaidh siad rochtain chomhionann ar ghnóthais leictreachais an Aontais a ráthú do chustaiméirí;
(d)
beidh teorainn ama leo agus beidh siad comhréireach ó thaobh na dtairbhithe de;
(e)
ní éireoidh costais bhreise do rannpháirtithe sa mhargadh astu ar bhealach idirdhealaitheach.
|
|
Airteagal 5 5.
|
Aon Bhallstát a dhéanfaidh idirghabhálacha poiblí i leith shocrú na bpraghsanna do sholáthar an leictreachais a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, déanfaidh siad freisin pointe (d) d'Airteagal 3(3) agus le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/1999 a chomhlíonadh, is cuma cé acu an bhfuil nó nach bhfuil líon suntasach de theaghlaigh atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh sa Bhallstát lena mbaineann.
|
|
Airteagal 5 6.
|
Ar mhaithe le hidirthréimhse chun iomaíocht éifeachtach le haghaidh conarthaí soláthair leictreachais a chruthú idir soláthróirí, agus chun praghsáil miondíola margadhbhunaithe leictreachais atá go hiomlán éifeachtach a bhaint amach i gcomhréir le mír 1, féadfaidh na Ballstáit idirghabhálacha poiblí a chur i bhfeidhm i leith socrú na bpraghsanna do sholáthar an leictreachais do chustaiméirí teaghlaigh agus do mhicrifhiontair nach dtairbhíonn d'idirghabhálacha poiblí de bhun mhír 3.
|
|
Airteagal 5 7.
|
Idirghabhálacha poiblí de bhun mhír 6, comhlíonfaidh siad na critéir a leagtar amach i mír 4 agus:
(a)
beidh sraith de bhearta ag gabháil leo chun iomaíocht éifeachtach a bhaint amach mar aon le modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i ndáil leis na bearta sin;
(b)
socrófar iad trí úsáid a bhaint as modheolaíocht a áirithíonn cóir neamh-idirdhealaitheach ar sholáthróirí;
(c)
socrófar iad ag praghas a bheidh os cionn an chostais, ar leibhéal ag a bhféadfaidh iomaíocht éifeachtach praghsanna tarlú;
(d)
beidh siad deartha chun aon thionchar diúltach ar an margadh leictreachais mórdhíola a íoslaghdú;
(e)
áiritheoidh siad go mbeidh an fhéidearthacht ag gach tairbhí d'idirghabhálacha poiblí den sórt sin tairiscintí margaidh iomaíocha a roghnú agus go ndéanfar, gach ráithe ar a laghad, na tairbhithe sin a chur ar an eolas go díreach faoi thairiscintí agus coigiltis a bheith ar fáil sa mhargadh iomaíoch, go háirithe faoi chonarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla, agus go dtabharfar cúnamh dóibh athrú go dtí tairiscint mhargadhbhunaithe;
(f)
áiritheoidh siad, de bhun Airteagail 19 agus 21, go mbeidh tairbhithe uile d'idirghabhálacha poiblí den sórt sin i dteideal méadair chliste a fháil suiteáilte gan aon réamhchostas breise do na custaiméirí sin, agus go dtairgfear suiteáil na méadair sin dóibh, agus go gcuirfear ar an eolas iad go díreach faoin bhféidearthacht méadair chliste a shuiteáil agus go dtabharfar an cúnamh is gá dóibh;
(g)
ní leanfaidh astu tras-fhóirdheonú díreach idir custaiméirí a fhaigheann soláthar ar phraghsanna saormhargaidh agus custaiméirí a fhaigheann soláthar ar phraghsanna soláthair rialáilte.
|
|
Airteagal 5 8.
|
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na bearta a dhéantar i gcomhréir le míreanna 3 agus 6 laistigh de 1 mhí amháin tar éis a nglactha agus féadfaidh siad iad a chur i bhfeidhm láithreach. Beidh míniú ag gabháil leis an bhfógra ar an bhfáth nárbh fhéidir le hionstraimí eile an cuspóir atá á shaothrú a ghnóthú go leordhóthanach, conas a chomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 4 agus 7 agus cad iad na héifeachtaí a bheidh ag na bearta ar tugadh fógra ina leith ar an iomaíocht. Tabharfar tuairisc san fhógra ar scóip na dtairbhithe, ré na mbeart agus líon na gcustaiméirí teaghlaigh a ndéanann na bearta difear dóibh, agus tabharfar míniú ann ar an gcaoi a ndearnadh na praghsanna rialáilte a chinneadh.
|
|
Airteagal 5 9.
|
Faoin 1 Eanáir 2022 agus 1 Eanáir 2025, déanfaidh na Ballstáit tuarascálacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, maidir le riachtanas agus comhréireacht na n-idirghabhálacha poiblí faoin Airteagal seo, agus maidir le measúnú ar an dul chun cinn i dtreo iomaíocht éifeachtach a bhaint amach idir soláthróirí agus an t-aistriú go dtí praghsanna margadhbhunaithe. Ballstáit a chuireann praghsanna rialáilte i bhfeidhm i gcomhréir le mír 6, tuairisceoidh siad ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 7, lena n-áirítear ar a mhéid atá soláthróirí a cheanglaítear orthu idirghabhálacha den sórt sin a chur i bhfeidhm ag comhlíonadh na gcoinníollacha, chomh maith leis an tionchar atá ag praghsanna rialáilte ar chúrsaí airgeadais na soláthróirí sin.
|
|
Airteagal 5 10.
|
Faoin 31 Nollaig 2025, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme an Airteagail seo, agus déanfaidh sé tuarascáil ar an gcur chun feidhme sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, chun críche praghsáil miondíola margadhbhunaithe an leictreachais a bhaint amach, agus, más iomchuí, gabhfaidh togra reachtach léi nó tiocfaidh togra reachtach ina dhiaidh. Féadfar críochdháta do na praghsanna rialáilte a bheith ar áireamh sa togra reachtach sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.10.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0944
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|