|
+Airteagal 5 7. |
Airteagal 5 7.Idirghabhálacha poiblí de bhun mhír 6, comhlíonfaidh siad na critéir a leagtar amach i mír 4 agus:
(a)
beidh sraith de bhearta ag gabháil leo chun iomaíocht éifeachtach a bhaint amach mar aon le modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i ndáil leis na bearta sin;
(b)
socrófar iad trí úsáid a bhaint as modheolaíocht a áirithíonn cóir neamh-idirdhealaitheach ar sholáthróirí;
(c)
socrófar iad ag praghas a bheidh os cionn an chostais, ar leibhéal ag a bhféadfaidh iomaíocht éifeachtach praghsanna tarlú;
(d)
beidh siad deartha chun aon thionchar diúltach ar an margadh leictreachais mórdhíola a íoslaghdú;
(e)
áiritheoidh siad go mbeidh an fhéidearthacht ag gach tairbhí d'idirghabhálacha poiblí den sórt sin tairiscintí margaidh iomaíocha a roghnú agus go ndéanfar, gach ráithe ar a laghad, na tairbhithe sin a chur ar an eolas go díreach faoi thairiscintí agus coigiltis a bheith ar fáil sa mhargadh iomaíoch, go háirithe faoi chonarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla, agus go dtabharfar cúnamh dóibh athrú go dtí tairiscint mhargadhbhunaithe;
(f)
áiritheoidh siad, de bhun Airteagail 19 agus 21, go mbeidh tairbhithe uile d'idirghabhálacha poiblí den sórt sin i dteideal méadair chliste a fháil suiteáilte gan aon réamhchostas breise do na custaiméirí sin, agus go dtairgfear suiteáil na méadair sin dóibh, agus go gcuirfear ar an eolas iad go díreach faoin bhféidearthacht méadair chliste a shuiteáil agus go dtabharfar an cúnamh is gá dóibh;
(g)
ní leanfaidh astu tras-fhóirdheonú díreach idir custaiméirí a fhaigheann soláthar ar phraghsanna saormhargaidh agus custaiméirí a fhaigheann soláthar ar phraghsanna soláthair rialáilte. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|