|
+Airteagal 15a 3. |
Airteagal 15a 3.Féadfaidh custaiméirí gníomhacha tríú páirtí a cheapadh mar eagraí comhroinnte fuinnimh chun na gcríoch seo a leanas:
(a)
cumarsáid a dhéanamh faoi na socruithe comhroinnte fuinnimh le heintitis ábhartha eile, amhail soláthróirí agus oibreoirí gréasáin, lena n-áirítear maidir le gnéithe a bhaineann leis na taraifí agus na muirir, na cánacha nó na tobhaigh is infheidhme;
(b)
tacaíocht a sholáthar maidir le bainistiú agus cothromú ualaí solúbtha taobh thiar den mhéadar agus maidir le saoráidí giniúna agus stórála fuinnimh in-athnuaite dáilte atá mar chuid den socrú ábhartha comhroinnte fuinnimh;
(c)
conradh a dhéanamh le custaiméirí gníomhacha a bhíonn rannpháirteach i gcomhroinnt fuinnimh, agus iad a bhilleáil;
(d)
suiteáil agus oibriú na saoráide giniúna nó stórála fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear méadrú agus cothabháil. Féadfaidh eagraí comhroinnte fuinnimh nó tríú páirtí eile saoráid stórála nó saoráide giniúna fuinnimh in-athnuaite suas le 6 MW a bheith faoina úinéireacht nó faoina bhainistiú, gan a mheas gur custaiméir gníomhach é, ach amháin i gcás ina mbeidh sé ar cheann de na custaiméirí gníomhacha atá rannpháirteach sa tionscadal comhroinnte fuinnimh. Soláthróidh an t-eagraí comhroinnte fuinnimh seirbhísí neamh-idirdhealaitheacha agus praghsanna trédhearcacha, taraifí trédhearcacha agus téarmaí seirbhísí trédhearcacha. Maidir leis gcéad fhomhír, pointe (c) den mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 10, 12 agus 18. Leagfaidh na Ballstáit síos an creat rialála chun an mhír seo a chur i bhfeidhm. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|