+Airteagal 15a An ceart chun comhroinnt fuinnimh
---+Airteagal 15a 1.
---+Airteagal 15a 2.
---+Airteagal 15a 3.
---+Airteagal 15a 4.
---+Airteagal 15a 5.
---+Airteagal 15a 6.
---+Airteagal 15a 7.
---+Airteagal 15a 8.
---+Airteagal 15a 9.
---+Airteagal 15a 10.
---+Airteagal 15a 11.
|
Airteagal 15a An ceart chun comhroinnt fuinnimh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15a 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag gach teaghlach, gach fiontar beag agus gach fiontar meánmhéide, gach comhlacht poiblí agus, i gcás ina gcinnfidh Ballstát amhlaidh, catagóirí eile de chustaiméirí deiridh, a bheith rannpháirteach i gcomhroinnt fuinnimh mar chustaiméirí gníomhacha ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, laistigh den chrios tairisceana céanna nó laistigh de limistéar geografach níos teoranta, de réir mar a chinnfidh an Ballstát sin.
|
|
Airteagal 15a 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh custaiméirí gníomhacha i dteideal fuinneamh in-athnuaite a chomhroinnt eatarthu féin bunaithe ar chomhaontuithe príobháideacha nó trí eintiteas dlíthiúil. Ní bheidh i gceist le rannpháirtíocht i gcomhroinnt fuinnimh príomhghníomhaíocht tráchtála ná ghairmiúil na gcustaiméirí gníomhacha a bhíonn ag gabháil do chomhroinnt fuinnimh.
|
|
Airteagal 15a 3.
|
Féadfaidh custaiméirí gníomhacha tríú páirtí a cheapadh mar eagraí comhroinnte fuinnimh chun na gcríoch seo a leanas:
(a)
cumarsáid a dhéanamh faoi na socruithe comhroinnte fuinnimh le heintitis ábhartha eile, amhail soláthróirí agus oibreoirí gréasáin, lena n-áirítear maidir le gnéithe a bhaineann leis na taraifí agus na muirir, na cánacha nó na tobhaigh is infheidhme;
(b)
tacaíocht a sholáthar maidir le bainistiú agus cothromú ualaí solúbtha taobh thiar den mhéadar agus maidir le saoráidí giniúna agus stórála fuinnimh in-athnuaite dáilte atá mar chuid den socrú ábhartha comhroinnte fuinnimh;
(c)
conradh a dhéanamh le custaiméirí gníomhacha a bhíonn rannpháirteach i gcomhroinnt fuinnimh, agus iad a bhilleáil;
(d)
suiteáil agus oibriú na saoráide giniúna nó stórála fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear méadrú agus cothabháil.
Féadfaidh eagraí comhroinnte fuinnimh nó tríú páirtí eile saoráid stórála nó saoráide giniúna fuinnimh in-athnuaite suas le 6 MW a bheith faoina úinéireacht nó faoina bhainistiú, gan a mheas gur custaiméir gníomhach é, ach amháin i gcás ina mbeidh sé ar cheann de na custaiméirí gníomhacha atá rannpháirteach sa tionscadal comhroinnte fuinnimh. Soláthróidh an t-eagraí comhroinnte fuinnimh seirbhísí neamh-idirdhealaitheacha agus praghsanna trédhearcacha, taraifí trédhearcacha agus téarmaí seirbhísí trédhearcacha. Maidir leis gcéad fhomhír, pointe (c) den mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 10, 12 agus 18. Leagfaidh na Ballstáit síos an creat rialála chun an mhír seo a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 15a 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas maidir leis na custaiméirí gníomhacha atá rannpháirteach i gcomhroinnt fuinnimh:
(a)
go bhfuil siad i dteideal an leictreachas comhroinnte a instealladh san eangach a asbhaint óna dtomhaltas méadraithe iomlán laistigh d’eatramh ama nach faide ná an tréimhse réitigh éagothroime agus gan dochar do chánacha, tobhaigh agus muirir ghréasáin neamh-idirdhealaitheacha agus chostas-léiritheacha is infheidhme;
(b)
go mbainfidh siad tairbhe as cearta agus oibleagáidí tomhaltóirí uile mar chustaiméirí deiridh faoin Treoir seo;
(c)
nach gceanglaítear orthu oibleagáidí soláthróra a chomhlíonadh i gcás ina gcomhroinntear fuinneamh in-athnuaite idir teaghlaigh ag a bhfuil acmhainneacht shuiteáilte suas le 10,8 kW i gcás teaghlaigh aonair agus suas le 50 kW i gcás bloic ilárasán;
(d)
go mbeidh rochtain acu ar theimpléid dheonacha ina bhfuil téarmaí agus coinníollacha cothroma agus trédhearcacha le haghaidh comhaontuithe comhroinnte fuinnimh;
(e)
i gcás ina mbeidh coinbhleacht ann mar thoradh ar chomhaontú comhroinnte fuinnimh, beidh rochtain acu ar réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt le rannpháirtithe eile sa chomhaontú comhroinnte fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 26;
(f)
nach bhfuil siad faoi réir iompraíochta inar chaith rannpháirtithe sa mhargadh, ná a bpáirtithe atá freagrach as cothromú, go héagórach agus go hidirdhealaitheach leo;
(g)
go gcuirfear ar an eolas iad go bhféadfaí athruithe a dhéanamh ar chriosanna tairisceana i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/943 agus go bhfuil srian ar an gceart chun comhroinnt fuinnimh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo;
(h)
fógra a thabhairt maidir le socruithe comhroinnte fuinnimh do na hoibreoirí córais agus do na rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh, lena n-áirítear na soláthróirí ábhartha, go díreach nó trí eagraí comhroinnte fuinnimh.
Féadfaidh na Ballstáit na tairseacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), a oiriúnú i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
(a)
i gcás teaghlaigh aonair, is féidir an tairseach a mhéadú go dtí suas le 30 kW;
(b)
i gcás bloic ilárasán, is féidir an tairseach a mhéadú go dtí suas le 100 kW nó, i gcás imthosca sonracha a bhfuil údar cuí leo de bharr meánmhéid laghdaithe bloic ilárasán, a laghdú go dtí an t-íosmhéid 40 kW.
|
|
Airteagal 15a 5.
|
I gcás inar mó ná fiontair bheaga agus mheánmhéide na catagóirí eile de chustaiméirí deiridh atá rannpháirteach i scéimeanna comhroinnte fuinnimh, beidh feidhm ag na coinníollacha breise seo a leanas:
(a)
6 MW ar a mhéad a bheidh i méid acmhainneacht shuiteáilte na saoráide giniúna a bhaineann leis an scéim comhroinnte fuinnimh;
(b)
déanfar an chomhroinnt fuinnimh laistigh de limistéar geografach áitiúil nó teoranta, mar atá sainithe ag an mBallstát lena mbaineann.
|
|
Airteagal 15a 6.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí córais tarchurtha nó oibreoirí córais dáileacháin ábhartha nó comhlachtaí ainmnithe eile an méid seo a leanas:
(a)
sonraí méadraithe a bhaineann leis an leictreachas comhroinnte a bhailiú, a bhailíochtú agus a chur in iúl do chustaiméirí deiridh ábhartha agus rannpháirtithe sa mhargadh agus faireachán a dhéanamh ar na sonraí sin, gach mí ar a laghad, agus i gcomhréir le hAirteagal 23, agus chun na críche sin, na córais TF iomchuí a chur i bhfeidhm;
(b)
pointe teagmhála ábhartha a sholáthar chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(i)
socruithe comhroinnte fuinnimh a chlárú;
(ii)
faisnéis phraiticiúil a chur ar fáil maidir le comhroinnt fuinnimh;
(iii)
faisnéis a fháil faoi phointí méadraithe ábhartha, athruithe ar shuíomh agus rannpháirtíocht; agus
(iv)
i gcás inarb infheidhme, bailíochtú a dhéanamh ar mhodhanna ríofa ar bhealach soiléir, trédhearcach agus tráthúil.
|
|
Airteagal 15a 7.
|
Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí agus neamh-idirdhealaitheacha chun a áirithiú gur féidir le custaiméirí leochaileacha agus custaiméirí a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh rochtain a fháil ar scéimeanna comhroinnte fuinnimh. Féadfar bearta tacaíochta airgeadais nó cuóta leithdháilte táirgeachta a áireamh ar na bearta sin.
|
|
Airteagal 15a 8.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh tionscadail comhroinnte fuinnimh ar le húdaráis phoiblí iad an leictreachas comhroinnte a chur ar fáil do chustaiméirí nó shaoránaigh atá leochaileacha nó bocht ó thaobh fuinnimh de. Agus an méid sin á dhéanamh acu, déanfaidh na Ballstáit a ndícheall lena chur chun cinn gurb ionann an méid fuinnimh inrochtana sin agus 10 % ar a laghad ar an meán den fhuinneamh comhroinnte.
|
|
Airteagal 15a 9.
|
Féadfaidh na Ballstáit tabhairt isteach, i bhfoirgnimh agus ar fhoirgnimh, mionchórais gréine inluchtaithe ag a bhfuil acmhainneacht suas le 800 W a chur chun cinn.
|
|
Airteagal 15a 10.
|
Soláthróidh an Coimisiún treoir do na Ballstáit gan an t-ualach riaracháin a mhéadú chun cur chuige caighdeánaithe a éascú maidir le comhroinnt fuinnimh a bhunú agus cothrom iomaíochta a áirithiú do phobail fuinnimh in-athnuaite agus do phobail fuinnimh saoránach.
|
|
Airteagal 15a 11.
|
Beidh an tAirteagal seo gan dochar do cheart na gcustaiméirí soláthróir a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 4 agus do na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le húdarú soláthróirí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.10.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0944
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|