|
+Airteagal 15a 6. |
Airteagal 15a 6.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí córais tarchurtha nó oibreoirí córais dáileacháin ábhartha nó comhlachtaí ainmnithe eile an méid seo a leanas:
(a)
sonraí méadraithe a bhaineann leis an leictreachas comhroinnte a bhailiú, a bhailíochtú agus a chur in iúl do chustaiméirí deiridh ábhartha agus rannpháirtithe sa mhargadh agus faireachán a dhéanamh ar na sonraí sin, gach mí ar a laghad, agus i gcomhréir le hAirteagal 23, agus chun na críche sin, na córais TF iomchuí a chur i bhfeidhm;
(b)
pointe teagmhála ábhartha a sholáthar chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(i)
socruithe comhroinnte fuinnimh a chlárú;
(ii)
faisnéis phraiticiúil a chur ar fáil maidir le comhroinnt fuinnimh;
(iii)
faisnéis a fháil faoi phointí méadraithe ábhartha, athruithe ar shuíomh agus rannpháirtíocht; agus
(iv)
i gcás inarb infheidhme, bailíochtú a dhéanamh ar mhodhanna ríofa ar bhealach soiléir, trédhearcach agus tráthúil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|