+Airteagal 47 Neamhspleáchas an oibreora córais tarchurtha
---+Airteagal 47 1.
---+Airteagal 47 2.
---+Airteagal 47 3.
---+Airteagal 47 4.
---+Airteagal 47 5.
---+Airteagal 47 6.
---+Airteagal 47 7.
---+Airteagal 47 8.
---+Airteagal 47 9.
---+Airteagal 47 10.
|
Airteagal 47 Neamhspleáchas an oibreora córais tarchurtha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 47 1.
|
Gan dochar do chinntí an Bhoird Maoirseachta faoi Airteagal 49, beidh ag an oibreoir córais tarchurtha:
(a)
cearta éifeachtacha cinnteoireachta, go neamhspleách ar an ngnóthas atá comhtháite go hingearach, maidir leis na sócmhainní is gá chun an córas tarchurtha a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt; agus
(b)
an chumhacht airgead a chruinniú ar an margadh caipitil go háirithe trí iasachtaíocht agus méadú caipitil.
|
|
Airteagal 47 2.
|
Gníomhóidh an t-oibreoir córais tarchurtha i gcónaí ar bhealach a áiritheoidh go mbeidh aige na hacmhainní is gá chun gníomhaíocht an tarchurtha a dhéanamh go cuí agus go héifeachtúil agus chun córas tarchurtha atá slán, éifeachtúil agus barainneach a fhorbairt agus a chothabháil.
|
|
Airteagal 47 3.
|
Fochuideachtaí den ghnóthas atá comhtháite go hingearach a dhéanann feidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair, ní bheidh acu aon scairsheilbh dhíreach nó indíreach san oibreoir córais tarchurtha. Ní bheidh ag an oibreoir córais tarchurtha aon scairsheilbh dhíreach nó indíreach in aon fhochuideachta de chuid an ghnóthais atá comhtháite go hingearach a dhéanann feidhmeanna na giniúna agus an tsoláthair, ná ní bhfaighidh sé dibhinní ná aon sochar airgeadais eile ón bhfochuideachta sin.
|
|
Airteagal 47 4.
|
Áiritheofar le struchtúr bainistíochta foriomlán agus le stádais chorparáideacha an oibreora córais tarchurtha go mbeidh neamhspleáchas éifeachtach ag an oibreoir córais tarchurtha i gcomhréir leis an Roinn seo. An gnóthas atá comhtháite go hingearach, ní leagfaidh sé amach go díreach ná go hindíreach iompraíocht iomaíoch an oibreora córais tarchurtha i ndáil le gníomhaíochtaí ó lá go lá an oibreora córais tarchurtha agus bainistiú an ghréasáin, ná i ndáil leis na gníomhaíochtaí is gá le haghaidh ullmhú an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana arna fhorbairt de bhun Airteagal 51.
|
|
Airteagal 47 5.
|
I gcomhall a gcuid cúraimí faoi Airteagal 40 agus faoi Airteagal 46(2) den Treoir seo, agus i gcomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 16, 18, 19 agus 50 de Rialachán (AE) 2019/943, ní dhéanfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha idirdhealú in aghaidh daoine éagsúla ná eintitis éagsúla agus ní dhéanfaidh siad an iomaíocht ghiniúna ná soláthair a shrianadh, a shaobhadh ná a chosc.
|
|
Airteagal 47 6.
|
Aon chaidreamh tráchtála nó airgeadais idir an gnóthas atá comhtháite go hingearach agus an t-oibreoir córais tarchurtha, lena n-áirítear iasachtaí ón oibreoir córais tarchurtha don ghnóthas atá comhtháite go hingearach, comhlíonfaidh sé coinníollacha an mhargaidh. Coinneoidh an t-oibreoir córais tarchurtha taifid mhionsonraithe ar an gcaidreamh tráchtála nó airgeadais sin agus cuirfidh sé ar fáil don údarás rialála iad arna iarraidh sin dó.
|
|
Airteagal 47 7.
|
Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha gach comhaontú tráchtála agus airgeadais leis an ngnóthas atá comhtháite go hingearach faoi bhráid an údaráis rialála lena fhormheas.
|
|
Airteagal 47 8.
|
Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha an t-údarás rialála ar an eolas faoi na hacmhainní airgeadais, dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 46(1), atá ar fáil le haghaidh tionscadail infheistíochta sa todhchaí agus/nó le haghaidh athsholáthar sócmhainní atá ann cheana.
|
|
Airteagal 47 9.
|
Staonfaidh an gnóthas atá comhtháite go hingearach ó aon ghníomh a dhéanamh a chuirfeadh as nó a dhéanfadh dochar don oibreoir córais tarchurtha maidir lena oibleagáidí faoin gCaibidil seo a chomhlíonadh agus ní éileoidh sé ar an oibreoir córais tarchurtha cead a lorg ón ngnóthas atá comhtháite go hingearach chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 47 10.
|
Aon ghnóthas a bhfuil sé deimhnithe ag an údarás rialála ina thaobh go bhfuil sé i gcomhréir le ceanglais na Caibidle seo, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an gnóthas sin a fhormheas agus a ainmniú ina oibreoir córais tarchurtha. Beidh feidhm ag an nós imeachta deimhniúcháin a leagtar síos in Airteagal 52 den Treoir seo agus in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2019/943 nó in Airteagal 53 den Treoir seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.10.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0944
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|