4. In aon chinneadh maidir le hathúsáid beidh tagairt do na modhanna sásaimh atá ann i gcás inar mian leis an iarratasóir agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh. Ar na modhanna sásaimh beidh an deis ag comhlacht athbhreithnithe neamhchlaonta athbhreithniú a dhéanamh, ar comhlacht é a bhfuil an saineolas iomchuí aige, amhail an t-údarás iomaíochta náisiúnta, an t-údarás ábhartha um rochtain ar dhoiciméid, an t-údarás maoirseachta arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, nó údarás breithiúnach náisiúnta, agus a bhfuil a chuid cinntí ceangailteach ar an gcomhlacht earnála poiblí lena mbaineann.