1. Déanfaidh na Ballstáit socruithe praiticiúla lena n-éascófar cuardach na ndoiciméad atá ar fáil lena n-athúsáid, amhail liostaí acmhainní de na príomhdhoiciméid a mbaineann meiteashonraí ábhartha leo, a mbeidh fáil orthu ar líne agus i bhformáid mheaisín-inléite, más féidir agus más iomchuí, agus suíomhanna tairsí atá nasctha leis na liostaí acmhainní. Más féidir, cuirfidh na Ballstáit áis chuardaigh idir teangacha ar fáil chun doiciméid a chuardach, go háirithe trí chomhbhailiú meiteashonraí a chumasú ar leibhéal an Aontais.
Tabharfaidh na Ballstáit spreagadh do chomhlachtaí earnála poiblí socruithe praiticiúla a dhéanamh lena n-éascófar caomhnú na ndoiciméad atá ar fáil lena n-athúsáid.