4. Socruithe dlíthiúla nó praiticiúla arb é is aidhm leo, gan ceart eisiach a dheonú go sainráite, srian a chur le hinfhaighteacht doiciméad nó is féidir a cheapadh go réasúnach go gcuirfidh siad srian le hinfhaighteacht doiciméad lena n-athúsáid ag eintitis eile seachas an tríú páirtí atá páirteach sa socrú, cuirfear ar fáil go poiblí iad, ar líne, 2 mhí ar a laghad sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm. An éifeacht a bheidh ag socruithe dlíthiúla nó praiticiúla den chineál sin ar infhaighteacht sonraí lena n-athúsáid, beidh sí faoi réir athbhreithniú rialta agus, i gcás ar bith, gach 3 bliana. Téarmaí deiridh na socruithe sin beidh siad trédhearcach agus cuirfear ar fáil go poiblí iad, ar líne.