1. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos liosta de thacair shonracha ardluacha sonraí a bhaineann leis na catagóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus atá i seilbh comhlachtaí san earnáil phoiblí agus i seilbh gnóthais phoiblí i measc na ndoiciméad a bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir leo.
Maidir leis na tacair ardluacha sonraí sin:
|
(a)
|
cuirfear ar fáil saor in aisce iad, faoi réir mhíreanna 3, 4 agus 5;
|
|
(b)
|
beidh siad meaisín-inléite;
|
|
(c)
|
cuirfear ar fáil iad trí APInna; agus
|
|
(d)
|
cuirfear ar fáil iad, i gcás inarb ábhartha, mar oll-íoslódáil.
|
Féadfar a shonrú sna gníomhartha cur chun feidhme sin na socruithe maidir le tacair ardluacha sonraí a fhoilsiú agus a athúsáid. Beidh na socruithe sin comhoiriúnach le ceadúnais chaighdeánacha oscailte.
Féadfar a áireamh sna socruithe sin téarmaí is infheidhme maidir le hathúsáid, formáidí sonraí agus meiteashonraí agus socruithe teicniúla maidir le scaipeadh. Infheistíochtaí a dhéanfaidh na Ballstáit i mbealaí cur chuige sonraí oscailte, amhail infheistíochtaí i bhforbairt agus i rolladh amach caighdeán áirithe, cuirfear san áireamh iad agus déanfar iad a chur sa mheá i gcomhthéacs na dtairbhí a d'fhéadfadh a bheith ann dá gcuirfí ar an liosta iad.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).