1. Deimhnithe atá faoi rialú ag Airteagal 3 nó Airteagal 4 den Rialachán seo, tá siad faoi réir na rialacha is infheidhme maidir leo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139 agus na ngníomhartha cur chun feidhme agus na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhua nó de bhua Rialachán (CE) Uimh. 216/2008. Beidh ag an nGníomhaireacht na cumhachtaí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1139 agus sna gníomhartha cur chun feidhme agus sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán sin agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 maidir le heintitis a bhfuil a bpríomhionad gnó i dtríú tír.