+Airteagal 1 Ábhar agus cuspóirí
---+Airteagal 1 1.
---+Airteagal 1 2.
---+Airteagal 1 3.
---+Airteagal 1 4.
---+Airteagal 1 5.
---+Airteagal 1 5a.
---+Airteagal 1 6.
|
Airteagal 1 Ábhar agus cuspóirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 1.
|
Bunaítear sa Rialachán seo ceanglais feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 i gcás gluaisteáin nua paisinéirí agus i gcás feithiclí tráchtála éadroma chun rannchuidiú le sprioc an Aontais a bhaint amach i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/842 agus cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.
|
|
Airteagal 1 2.
|
Ón 1 Eanáir 2020 ar aghaidh, socraítear leis an Rialachán seo 95 g CO2/km mar sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais do mheánastaíochtaí gluaisteán nua paisinéirí agus 147 g CO2/km mar sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais do mheánastaíochtaí na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua a chláraítear san Aontas, arna dtomhas go dtí an 31 Nollaig 2020 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 agus i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1152 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1153, agus, ón 1 Eanáir 2021, arna dtomhas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1151.
|
|
Airteagal 1 3.
|
Déanfar an Rialachán seo a chomhlánú, go dtí an 31 Nollaig 2024, le bearta breise a chomhfhreagróidh do laghdú 10 g CO2/km mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais dá dtagraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2007 dar teideal 'Torthaí an athbhreithnithe ar Straitéis an Chomhphobail astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma a laghdú'.
|
|
Airteagal 1 4.
|
Amhail ón 1 Eanáir 2025, beidh feidhm ag na spriocanna seo a leanas le haghaidh fhlít uile an Aontais:
(a)
i gcás mheánastaíochtaí an fhlít gluaisteán nua paisinéirí, sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais is ionann le laghdú 15 % ar na spriocanna in 2021 arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 6.1.1 de Chuid A d'Iarscríbhinn I;
(b)
i gcás mheánastaíochtaí an fhlít feithiclí tráchtála éadroma nua, sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais is ionann le laghdú 15 % ar na spriocanna in 2021 arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 6.1.1 de Chuid B d'Iarscríbhinn I.
|
|
Airteagal 1 5.
|
Amhail ón 1 Eanáir 2030, beidh feidhm ag na spriocanna seo a leanas le haghaidh fhlít uile an Aontais:
(a)
i gcás mheánastaíochtaí an fhlít gluaisteán nua paisinéirí, sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais is ionann le laghdú
►M5
55 % ◄ ar na spriocanna in 2021 arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 6.1.2 de Chuid A d'Iarscríbhinn I;
(b)
i gcás mheánastaíochtaí an fhlít feithiclí tráchtála éadroma nua, sprioc haghaidh fhlít uile an Aontais is ionann le laghdú
►M5
50 % ◄ ar na spriocanna in 2021, arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 6.1.2 de Chuid B d'Iarscríbhinn I.
|
|
Airteagal 1 5a.
|
Ón 1 Eanáir 2035, beidh feidhm ag na spriocanna seo a leanas maidir le flít uile an Aontais:
(a)
i gcás mheánastaíochtaí fhlít na ngluaisteán nua paisinéirí, sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais is ionann le laghdú 100 % ar an sprioc in 2021 arna cinneadh i gcomhréir le Cuid A, pointe 6.1.3, d’Iarscríbhinn I;
(b)
i gcás mheánastaíochtaí fhlít na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua, sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais is ionann le laghdú 100 % ar an sprioc in 2021 arna cinneadh i gcomhréir le Cuid B, pointe 6.1.3, d’Iarscríbhinn I.
|
|
Airteagal 1 6.
|
Ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2029, beidh feidhm ag tagarmharc maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle arb ionann é agus sciar 25 % de fhlít na ngluaisteán nua paisinéirí agus atá cothrom le sciar 17 % den fhlít feithiclí tráchtála éadroma nua i gcomhréir le pointí 6.3 de Chodanna A agus B d’Iarscríbhinn I, faoi seach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0631
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|