|
+Airteagal 6 1. |
Airteagal 6 1.Tabharfaidh ENISA cúnamh dóibh seo a leanas:
(a)
na Ballstáit agus iad ag iarraidh feabhas a chur ar chosc, brath, anailís agus cumas freagartha i dtaca le bagairtí agus teagmhais chibearshlándála, tríd an eolas agus an saineolas a sholáthar dóibh;
(b)
na Ballstáit agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais i mbunú agus i gcur chun feidhme, ar bhonn deonach, beartais nochta leochaileachta;
(c)
institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, ina n-iarrachtaí feabhas a chur ar chosc, brath, agus anailís i dtaca le bagairtí agus teagmhais chibearshlándála agus chun feabhas a chur ar a gcumais freagartha i dtaca le bagairtí agus teagmhais chibearshlándála, go háirithe trí thacaíocht chuí i ndáil le CERT-EU;
(d)
na Ballstáit agus iad i mbun CSIRTanna a fhorbairt, arna iarraidh sin dóibh de bhun Airteagal 9(5) de Threoir (AE) 2016/1148;
(e)
na Ballstáit, agus iad i mbun straitéisí náisiúnta a fhorbairt maidir le slándáil na gcóras gréasán agus faisnéise, arna iarraidh sin dóibh de bhun Airteagal 7(2) de Threoir (AE) 2016/1148, agus cuirfidh ENISA le scaipeadh na straitéisí sin ar fud an Aontais freisin agus tugann sí dá haire an dul chun cinn i dtaca lena gcur chun feidhme ar fud an Aontais ar mhaithe leis na cleachtais is fearr a chur chun cinn;
(f)
institiúidí an Aontais agus iad i mbun straitéisí cibearshlándála an Aontais a fhorbairt agus a athbhreithniú, scaipeadh na straitéisí sin a chur chun cinn agus an dul chun cinn i dtaca lena gcur chun feidhme a rianadh;
(g)
CSIRTanna na mBallstát agus an Aontais chun leibhéal a gcumais a mhéadú, lena n-áirítear trí idirphlé agus malartú faisnéise a chur chun cinn, d’fhonn a áirithiú, i dtaca leis an úrscothacht, go gcomhlíonann gach CSIRT tacar coiteann de chumais íosta agus go n-oibríonn sé de réir na ndea-chleachtas;
(h)
na Ballstáit trí na cleachtaí cibearshlándála a eagrú ar bhonn rialta ar leibhéal an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 7(5), agus 2 uair sa bhliain ar a laghad agus trí mholtaí beartais a dhéanamh agus iad bunaithe ar phróiseas meastóireachta na gcleachtaí agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh uathu;
(i)
comhlachtaí poiblí ábhartha trí oiliúint a chur ar fáil maidir leis an gcibearshlándáil, i gcás inarb iomchuí i gcomhar le geallsealbhóirí;
(j)
an nGrúpa Comhair, trí dhea-chleachtais a mhalartú, go háirithe maidir le hoibreoirí seirbhísí riachtanacha a shainaithint ag na Ballstáit, de bhun Airteagal 11(3)(1) de Threoir (AE) 2016/1148, lena n-áirítear dea-chleachtais maidir le spleáchais trasteorann, i ndáil le rioscaí agus teagmhais. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|