+Airteagal 6 Forbairt acmhainní
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.

Airteagal 6 Forbairt acmhainní

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1.

Tabharfaidh ENISA cúnamh dóibh seo a leanas:

(a) 

na Ballstáit agus iad ag iarraidh feabhas a chur ar chosc, brath, anailís agus cumas freagartha i dtaca le bagairtí agus teagmhais chibearshlándála, tríd an eolas agus an saineolas a sholáthar dóibh;

(b) 

na Ballstáit agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais i mbunú agus i gcur chun feidhme, ar bhonn deonach, beartais nochta leochaileachta;

(c) 

institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, ina n-iarrachtaí feabhas a chur ar chosc, brath, agus anailís i dtaca le bagairtí agus teagmhais chibearshlándála agus chun feabhas a chur ar a gcumais freagartha i dtaca le bagairtí agus teagmhais chibearshlándála, go háirithe trí thacaíocht chuí i ndáil le CERT-EU;

(d) 

na Ballstáit agus iad i mbun CSIRTanna a fhorbairt, arna iarraidh sin dóibh de bhun Airteagal 9(5) de Threoir (AE) 2016/1148;

(e) 

na Ballstáit, agus iad i mbun straitéisí náisiúnta a fhorbairt maidir le slándáil na gcóras gréasán agus faisnéise, arna iarraidh sin dóibh de bhun Airteagal 7(2) de Threoir (AE) 2016/1148, agus cuirfidh ENISA le scaipeadh na straitéisí sin ar fud an Aontais freisin agus tugann sí dá haire an dul chun cinn i dtaca lena gcur chun feidhme ar fud an Aontais ar mhaithe leis na cleachtais is fearr a chur chun cinn;

(f) 

institiúidí an Aontais agus iad i mbun straitéisí cibearshlándála an Aontais a fhorbairt agus a athbhreithniú, scaipeadh na straitéisí sin a chur chun cinn agus an dul chun cinn i dtaca lena gcur chun feidhme a rianadh;

(g) 

CSIRTanna na mBallstát agus an Aontais chun leibhéal a gcumais a mhéadú, lena n-áirítear trí idirphlé agus malartú faisnéise a chur chun cinn, d’fhonn a áirithiú, i dtaca leis an úrscothacht, go gcomhlíonann gach CSIRT tacar coiteann de chumais íosta agus go n-oibríonn sé de réir na ndea-chleachtas;

(h) 

na Ballstáit trí na cleachtaí cibearshlándála a eagrú ar bhonn rialta ar leibhéal an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 7(5), agus 2 uair sa bhliain ar a laghad agus trí mholtaí beartais a dhéanamh agus iad bunaithe ar phróiseas meastóireachta na gcleachtaí agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh uathu;

(i) 

comhlachtaí poiblí ábhartha trí oiliúint a chur ar fáil maidir leis an gcibearshlándáil, i gcás inarb iomchuí i gcomhar le geallsealbhóirí;

(j) 

an nGrúpa Comhair, trí dhea-chleachtais a mhalartú, go háirithe maidir le hoibreoirí seirbhísí riachtanacha a shainaithint ag na Ballstáit, de bhun Airteagal 11(3)(1) de Threoir (AE) 2016/1148, lena n-áirítear dea-chleachtais maidir le spleáchais trasteorann, i ndáil le rioscaí agus teagmhais.

Airteagal 6 2.
Tacóidh ENISA le comhroinnt faisnéise i measc earnálacha éagsúla agus laistigh díobh, go háirithe sna hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/1148, trí bhíthin dea-chleachtais agus treoir a thabhairt maidir leis na huirlisí agus na nósanna imeachta atá ar fáil, agus maidir le dul i ngleic le saincheisteanna rialála a bhaineann le comhroinnt faisnéise.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.