+Airteagal 24 Doiciméad clársceidealaithe amháin
---+Airteagal 24 1.
---+Airteagal 24 2.
---+Airteagal 24 3.
---+Airteagal 24 4.
---+Airteagal 24 5.
---+Airteagal 24 6.
---+Airteagal 24 7.
---+Airteagal 24 8.
|
Airteagal 24 Doiciméad clársceidealaithe amháin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 24 1.
|
Cuirfidh ENISA a hoibríochtaí i gcrích i gcomhréir le doiciméad clársceidealaithe aonair ina mbeidh a clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil, ina gcuimseofar a gníomhaíochtaí beartaithe ar fad.
|
|
Airteagal 24 2.
|
Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtdoiciméad clársceidealaithe a tharraingt suas ina mbeidh clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil agus an phleanáil acmhainní airgeadais agus daonna i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún (
3
) agus treoirlínte arna leagan síos ag an gCoimisiún á gcur san áireamh.
|
|
Airteagal 24 3.
|
Faoin 30 Samhain gach bliain, glacfaidh an Bord Bainistíochta an doiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear i mír 1 agus tarchuirfidh sé é chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir na bliana ina dhiaidh sin ar a dhéanaí chomh maith le haon leaganacha den doiciméad sin a tugadh cothrom le dáta tráth níos déanaí.
|
|
Airteagal 24 4.
|
Tiocfaidh an doiciméad clársceidealaithe aonair chun bheith críochnaitheach tar éis buiséad ginearálta an Aontais a ghlacadh go cinntitheach agus déanfar coigeartú air, más gá sin.
|
|
Airteagal 24 5.
|
Beidh sa chlár oibre bliantúil cuspóirí mionsonraithe chomh maith leis na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, lena n-áirítear táscairí feidhmíochta. Beidh tuairisc ann freisin ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú agus léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a bheidh sannta do gach gníomhaíocht, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí. Beidh an clár oibre bliantúil i gcomhréir leis an gclár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 7. Sonrófar go soiléir ann na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe.
|
|
Airteagal 24 6.
|
Déanfaidh an Bord Bainistíochta an clár oibre bliantúil atá glactha a leasú nuair a sannfar cúram nua do ENISA. Glacfar aon leasú mór ar an gclár oibre bliantúil leis an nós imeachta céanna lenar glacadh an clár oibre bliantúil tosaigh. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
|
|
Airteagal 24 7.
|
Leagfar amach sa chlár oibre ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán lena n-áirítear cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí feidhmíochta. Leagfar amach ann freisin clársceidealú acmhainní, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil agus an fhoireann.
|
|
Airteagal 24 8.
|
Déanfar an clársceidealú acmhainní a thabhairt cothrom le dáta gach bliain. Déanfar an clársceidealú straitéiseach a nuashonrú nuair is iomchuí, agus go háirithe i gcás inar gá chun dul i ngleic le toradh na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 67.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|