+Airteagal 47 Clár saothair rollach an Aontais don deimhniú Eorpach cibearshlándála
---+Airteagal 47 1.
---+Airteagal 47 2.
---+Airteagal 47 3.
---+Airteagal 47 4.
---+Airteagal 47 5.
|
Airteagal 47 Clár saothair rollach an Aontais don deimhniú Eorpach cibearshlándála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 47 1.
|
Foilseoidh an Coimisiún clár saothair rollach de chuid an Aontais don deimhniú Eorpach cibearshlándála (“an clár oibre rollach an Aontais”) lena sainaithneofar tosaíochtaí straitéiseacha i dtaca le scéimeanna Eorpacha deimhniúcháin cibearshlándála a bhunú amach anseo.
|
|
Airteagal 47 2.
|
Áireofar go háirithe ar chlár oibre rollach an Aontais liosta de tháirgí TFC, de sheirbhísí TFC, de phróisis TFC agus de sheirbhísí slándála bainistithe, nó de chatagóirí díobh sin, atá in ann leas a bhaint as bheith san áireamh i raon feidhme scéime Eorpaí um dheimhniú cibearshlándála.
|
|
Airteagal 47 3.
|
Is ar bhonn ceann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas a thabharfar údar le táirgí TFC sonracha, seirbhísí TFC sonracha, próisis TFC shonracha, nó seirbhísí slándála bainistithe sonracha, nó catagóirí díobh sin, a áireamh ar chlár oibre rollach an Aontais:
(a)
infhaighteacht agus forbairt scéimeanna náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála lena gcumhdaítear catagóir shonrach de tháirgí TFC, de sheirbhísí TFC, de phróisis TFC nó de sheirbhísí slándála bainistithe agus, go háirithe, i dtaca leis an riosca ilroinnte;
▼B
(b)
dlí nó beartas ábhartha de chuid an Bhallstáit nó an Aontais;
▼M1
(ca)
forbairtí teicneolaíocha agus infhaighteacht agus forbairt scéimeanna idirnáisiúnta um dheimhniú cibearshlándála agus caighdeáin idirnáisiúnta agus caighdeáin arna n-úsáid ag earnáil na tionsclaíochta;
▼B
(d)
forbairtí i réimse na mbagairtí cibearshlándála;
(e)
iarratas go n-ullmhófaí scéim iarrthach shonrach ag ECCG.
|
|
Airteagal 47 4.
|
Cuirfidh an Coimisiún san áireamh go cuí na tuairimí a eiseoidh an ECCG agus an Grúpa Geallsealbhóirí um Dheimhniú maidir leis an dréachtchlár oibre rollach an Aontais.
|
|
Airteagal 47 5.
|
Foilseofar an chéad chlár oibre rollach an Aontais faoin 28 Meitheamh. Tabharfar an clár oibre rollach an Aontais cothrom le dáta ar a laghad gach 3 bliana nó níos mó más gá.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|