+Airteagal 51a Cuspóirí slándála scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh seirbhísí slándála bainistithe

Airteagal 51a Cuspóirí slándála scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh seirbhísí slándála bainistithe

Airteagal 51a

Cuspóirí slándála scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh seirbhísí slándála bainistithe

Déanfar scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh seirbhísí slándála bainistithe a dhearadh ionas go mbainfear amach ar a laghad na cuspóirí slándála seo a leanas, de réir mar is infheidhme:

(a) 

go soláthraítear na seirbhísí slándála bainistithe leis an inniúlacht, an saineolas agus an taithí is gá, lena n-áirítear go bhfuil leibhéal leordhóthanach agus iomchuí eolais theicniúil agus inniúlachta sa réimse sonrach, taithí leordhóthanach agus iomchuí, agus an leibhéal is airde ionracais ghairmiúil ag na baill foirne a gcuirtear de chúram orthu na seirbhísí sin a sholáthar;

(b) 

go bhfuil nósanna imeachta inmheánacha iomchuí i bhfeidhm ag an soláthraí chun a áirithiú go soláthrófar na seirbhísí slándála bainistithe ar leibhéal leordhóthanach agus iomchuí i gcónaí;

(c) 

maidir le sonraí a bhfaightear rochtain orthu, a stóráiltear, a tharchuirtear nó a phróiseáiltear ar shlí eile i ndáil le soláthar seirbhísí slándála bainistithe, go ndéantar na sonraí sin a chosaint ar rochtain, stóráil, nochtadh, scriosadh nó próiseáil eile a dhéantar de thaisme nó go neamhúdaraithe, nó ar chaillteanas nó ar athrú nó ar easpa infhaighteachta;

(d) 

go dtugtar infhaighteacht sonraí, seirbhísí agus feidhmeanna, agus rochtain orthu sin, ar ais go tráthúil i gcás ina dtarlaíonn teagmhas fisiciúil nó teicniúil;

(e) 

nach féidir le daoine, cláir nó meaisíní údaraithe rochtain a fháil ach ar shonraí, seirbhísí agus feidhmeanna ar a bhfuil cearta rochtana acu;

(f) 

go gcoinnítear taifead ar na sonraí, na seirbhísí nó na feidhmeanna a bhfuarthas rochtain orthu, a úsáideadh nó a próiseáladh ar shlí eile, ar na hamanna a bhfuarthas an rochtain nó a ndearnadh an úsáid nó an phróiseáil agus ar an té a fuair an rochtain nó a rinne an úsáid nó an phróiseáil, agus go bhfuil an taifead sin ar fáil ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar an méid sin;

(g) 

go bhfuil na táirgí TFC, na seirbhísí TFC agus na próisis TFC a chuirtear in úsáid agus na seirbhísí slándála bainistithe á soláthar slán trí dhearadh agus mar réamhshocrú agus, i gcás inarb infheidhme, go n-áirítear iontu na nuashonruithe slándála is déanaí agus nach bhfuil leochaileachtaí atá aitheanta go poiblí iontu.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.