+Airteagal 52 Cuspóirí slándála scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála
---+Airteagal 52 1.
---+Airteagal 52 2.
---+Airteagal 52 3.
---+Airteagal 52 4.
---+Airteagal 52 5.
---+Airteagal 52 6.
---+Airteagal 52 7.
---+Airteagal 52 8.

Airteagal 52 Cuspóirí slándála scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 52 1.
Le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, féadfar ceann amháin nó níos mó de na leibhéil dearbhúcháin seo a leanas a shonrú le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe: “bunúsach”, “substaintiúil” nó “ard”. Beidh leibhéal an dearbhúcháin i gcomhréir leis an leibhéal riosca a bhaineann leis an úsáid a bheartaítear do tháirge TFC, do sheirbhís TFC, do phróiseas TFC nó do sheirbhís slándála bhainistithe, i dtéarmaí a dhóchúla atá sé go dtarlóidh teagmhas agus i dtéarmaí thionchar an teagmhais.
Airteagal 52 2.
Tagróidh deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil agus ráiteas comhréireachta ón Aontas d’aon leibhéil dearbhaithe arna sonrú sa scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, faoina mbeidh an deimhniú Eorpach i ndáil le cibearshlándáil nó an ráiteas comhréireachta ón Aontas eisithe.
Airteagal 52 3.
Na ceanglais slándála a chomhfhreagraíonn do gach leibhéal dearbhúcháin, soláthrófar iad sa scéim Eorpach ábhartha um dheimhniú cibearshlándála, lena n-áirítear na feidhmiúlachtaí slándála comhfhreagracha agus déine agus doimhneacht chomhfhreagrach na meastóireachta atá le déanamh ar an táirge TFC, ar an tseirbhís TFC, ar an bpróiseas TFC nó ar an tseirbhís slándála bhainistithe.
Airteagal 52 4.
Tagróidh an deimhniú agus ráiteas comhréireachta ón Aontas do shonraíochtaí, caighdeáin agus nósanna imeachta teicniúla áirithe léi, lena n-áirítear rialuithe teicniúla, arb é is aidhm dóibh an baol atá ann go dtarlóidh teagmhais chibearshlándála a laghdú nó a chosc.
Airteagal 52 5.
Le deimhniú Eorpach cibearshlándála nó ráiteas comhréireachta ón Aontas lena dtagraítear do leibhéal dearbhúcháin “bunúsach”, tabharfar dearbhú go gcomhlíontar na ceanglais slándála chomhfhreagracha leis na táirgí TFC, na seirbhísí TFC, na próisis TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe a bhfuil an deimhniú sin nó an ráiteas comhréireachta sin ón Aontas eisithe ina leith, lena n-áirítear feidhmiúlachtaí slándála, agus go ndearnadh meastóireacht orthu ar leibhéal atá beartaithe chun íoslaghdú a dhéanamh ar na rioscaí bunúsacha aitheanta i leith teagmhas agus cibirionsaithe. Áireofar ar na gníomhaíochtaí meastóireachta atá le déanamh, ar a laghad, athbhreithniú ar dhoiciméadacht theicniúil. Nuair nach bhfuil athbhreithniú den sórt sin iomchuí, déanfar gníomhaíochtaí ionadaíocha lena ngabhann éifeacht choibhéiseach.
Airteagal 52 6.
Le deimhniú Eorpach cibearshlándála lena dtagraítear do leibhéal dearbhúcháin “substaintiúil”, tabharfar dearbhú go gcomhlíontar na ceanglais slándála chomhfhreagracha leis na táirgí TFC, na seirbhísí TFC, na próisis TFC agus na seirbhísí slándála bainistithe a bhfuil an deimhniú sin eisithe ina leith, lena n-áirítear feidhmiúlachtaí slándála, agus go ndearnadh meastóireacht orthu ar leibhéal atá beartaithe chun íoslaghdú a dhéanamh ar na rioscaí cibearshlándála aitheanta, agus ar an riosca go ndéanfadh gníomhaithe a bhfuil scileanna agus acmhainní teoranta acu teagmhais agus cibirionsaithe. Áireofar ar na gníomhaíochtaí meastóireachta atá le déanamh na nithe seo a leanas ar a laghad: athbhreithniú chun an easpa leochaileachtaí atá aitheanta go poiblí a léiriú agus tástáil chun a léiriú go ndéantar na feidhmiúlachtaí slándála is gá a chur chun feidhme mar is ceart leis na táirgí TFC, na seirbhísí TFC, na próisis TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe. I gcás nach bhfuil aon ghníomhaíochtaí meastóireachta den sórt sin iomchuí, déanfar gníomhaíochtaí ionadaíocha lena ngabhann éifeacht choibhéiseach.
Airteagal 52 7.
Le deimhniú Eorpach cibearshlándála lena dtagraítear do leibhéal dearbhúcháin “ard”, tabharfar dearbhú go gcomhlíontar na ceanglais slándála chomhfhreagracha leis na táirgí TFC, na seirbhísí TFC, na próisis TFC agus na seirbhísí slándála bainistithe a bhfuil an deimhniú sin eisithe ina leith, lena n-áirítear feidhmiúlachtaí slándála, agus go ndearnadh meastóireacht orthu ar leibhéal atá beartaithe chun íoslaghdú a dhéanamh ar an riosca go ndéanfadh gníomhaithe a bhfuil scileanna agus acmhainní suntasacha acu cibirionsaithe úrscothacha. Áireofar ar na gníomhaíochtaí meastóireachta atá le déanamh na nithe seo a leanas ar a laghad: athbhreithniú chun easpa leochaileachtaí atá aitheanta go poiblí a léiriú; tástáil chun a léiriú go ndéantar na feidhmiúlachtaí slándála is gá a chur chun feidhme mar is ceart, ar leibhéal na húrscothachta, leis na táirgí TFC, na seirbhísí TFC, na próisis TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe; agus measúnú ar a bhfriotaíocht in aghaidh ionsaitheoirí oilte, trí úsáid a bhaint as tástáil treáite. I gcás nach bhfuil aon ghníomhaíochtaí meastóireachta den sórt sin iomchuí, déanfar gníomhaíochtaí ionadaíocha lena ngabhann éifeacht choibhéiseach.
Airteagal 52 8.
D’fhéadfaí, le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, leibhéil éagsúla mheastóireachta a shonrú, ag brath ar dhéine agus ar dhoimhneacht na modheolaíochta meastóireachta a úsáidtear. Le gach ceann de na leibhéil mheastóireachta, comhfhreagrófar do cheann amháin de na leibhéil dearbhúcháin agus saineofar é le teaglaim iomchuí de chomhpháirteanna dearbhúcháin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.