+Airteagal 53 Féinmheasúnú comhréireachta
---+Airteagal 53 1.
---+Airteagal 53 2.
---+Airteagal 53 3.
---+Airteagal 53 4.
---+Airteagal 53 5.

Airteagal 53 Féinmheasúnú comhréireachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 53 1.
Le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, féadfar a cheadú go ndéanfaí an féinmheasúnú comhréireachta faoi fhreagracht mhonaróir nó sholáthraí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe agus faoina bhfreagracht siúd amháin. Ní cheadófar féinmheasúnú comhréireachta ach amháin maidir le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC nó seirbhísí slándála bainistithe a mbaineann riosca íseal leo a chomhfhreagraíonn do leibhéal dearbhúcháin “bunúsach”.
Airteagal 53 2.
Féadfaidh monaróir nó soláthraí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe ráiteas comhréireachta ón Aontas a eisiúint ina ndeirtear gur léiríodh gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach sa scéim. Trí ráiteas den sórt sin a eisiúint, glacfaidh monaróir nó soláthraí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe freagracht as comhlíontacht an táirge TFC, na seirbhíse TFC, an phróisis TFC nó na seirbhíse slándála bainistithe leis na ceanglais a leagtar amach sa scéim sin.
Airteagal 53 3.
Déanfaidh monaróir nó soláthraí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe an ráiteas comhréireachta ón Aontas, an doiciméadacht theicniúil, agus an fhaisnéis ábhartha uile eile a bhaineann le comhréireacht na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe leis an scéim a chur ar fáil don údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a ainmnítear de bhun Airteagal 58 ar feadh na tréimhse dá bhforáiltear sa scéim Eorpach chomhfhreagrach um dheimhniú cibearshlándála. Cuirfear cóip den ráiteas comhréireachta ón Aontas faoi bhráid an údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála agus faoi bhráid ENISA.
Airteagal 53 4.
Ráiteas comhréireachta ón Aontas a eiseofar de bhun an Airteagail seo, is ar bhonn deonach a eiseofar é mura sonraítear a mhalairt i ndlí an Aontais nó i ndlí na mBallstát.
Airteagal 53 5.
Na ráitis chomhréireachta ón Aontas, tabharfar aitheantas dó i ngach Ballstát.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.