+Airteagal 56 Deimhniú cibearshlándála
---+Airteagal 56 1.
---+Airteagal 56 2.
---+Airteagal 56 3.
---+Airteagal 56 4.
---+Airteagal 56 5.
---+Airteagal 56 6.
---+Airteagal 56 7.
---+Airteagal 56 8.
---+Airteagal 56 9.
---+Airteagal 56 10.
|
Airteagal 56 Deimhniú cibearshlándála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 56 1.
|
Measfar go gcomhlíontar ceanglais scéime Eorpaí um dheimhniú cibearshlándála arna glacadh de bhun Airteagal 49 le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe atá deimhnithe faoi scéim den sórt sin.
|
|
Airteagal 56 2.
|
Is deimhniú deonach a bheidh ann, mura sonraítear a mhalairt le dlí an Aontais nó le dlí na mBallstát.
|
|
Airteagal 56 3.
|
►M1
Déanfaidh an Coimisiún measúnú go tráthrialta ar éifeachtúlacht agus úsáid na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh agus i dtaobh an bhfuil scéim Eorpach shonrach um dheimhniú cibearshlándála le déanamh éigeantach trí dhlí ábhartha de chuid an Aontais chun leibhéal leormhaith cibearshlándála a áirithiú le haghaidh táirgí TFC, le haghaidh seirbhísí TFC, le haghaidh próisis TFC agus, ón 4 Feabhra 2025 le haghaidh seirbhísí slándála bainistithe san Aontas agus chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú. Déanfar an chéad mheasúnú den sórt sin faoin 31 Nollaig 2023, agus déanfar measúnuithe ina dhiaidh sin gach 2 bhliain ar a laghad ina dhiaidh sin. Bunaithe ar thoradh na measúnuithe sin, sainaithneoidh an Coimisiún na táirgí TFC, na seirbhísí TFC, na próisis TFC agus na seirbhísí slándála bainistithe a chumhdaítear le scéim um dheimhniú atá ann cheana agus atá le cumhdach le scéim éigeantach um dheimhniú. ◄
Mar thosaíocht, díreoidh an Coimisiún ar na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/1148 a mheasúnófar 2 bhliain ar a dhéanaí tar éis ghlacadh na chéad scéime Eorpach um dheimhniú cibearshlándála. Agus an measúnú a ullmhú aige, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
(a)
an tionchar atá ag na bearta ar mhonaróirí nó soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC nó seirbhísí slándála bainistithe den sórt sin a chur san áireamh agus an tionchar atá ag na bearta ar na húsáideoirí a chur san áireamh i dtéarmaí chostas na mbeart sin agus na leasanna sochaíocha nó eacnamaíocha a eascraíonn as an leibhéal feabhsaithe slándála a bhfuil coinne leis i leith na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe a ndírítear orthu;
(b)
aird a thabhairt ar dhlí ábhartha na mBallstát nó tríú tíortha atá ann cheana agus ar ghlacadh an dlí sin;
(c)
próiseas oscailte, trédhearcach agus cuimsitheach comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí ábhartha go léir agus leis na Ballstáit a chur i gcrích;
(d)
aon sprioc-am cur chun feidhme, aon bheart idirthréimhseach agus aon tréimhse idirthréimhseach a chur san áireamh, go háirithe maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeart ar mhonaróirí nó soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC nó seirbhísí slándála bainistithe, lena n-áirítear leasanna sonracha agus riachtanais shonracha FBManna, lena n-áirítear micrifhiontair;
(e)
an bealach is gasta agus is éifeachtúla a mholadh a gcuirfear an t-aistriú ó scéimeanna deonacha deimhniúcháin chuig scéimeanna sainordaitheacha deimhniúcháin chun feidhme.
|
|
Airteagal 56 4.
|
Eiseoidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 60, ar bhonn critéir a chumhdaítear sa scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, arna glacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 49, deimhniú Eorpach i ndáil le cibearshlándáil lena dtagraítear don leibhéal “bunúsach” nó “substaintiúil’”dearbhúcháin.
|
|
Airteagal 56 5.
|
De mhaolú ar mhír 4, féadfar foráil le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála nach bhféadfar an deimhnithe Eorpacha um chibearshlándála a eisiúint ach amháin ag comhlacht poiblí, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Is é a bheidh sa chomhlacht sin ceann amháin díobh seo a leanas:
(a)
údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 58(1); nó
(b)
comhlacht poiblí atá creidiúnaithe mar chomhlacht um measúnú comhréireachta de bhun Airteagal 60(1).
|
|
Airteagal 56 6.
|
I gcás ina n-éilítear, le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh de bhun Airteagal 49, ardleibhéal dearbhúcháin, níl an deimhniú Eorpach i ndáil le cibearshlándáil faoin scéim sin le heisiúint ach ag údarás náisiúnta um deimhniú cibearshlándáil agus don údarás sin amháin nó, faoi na coinníollacha seo a leanas, do chomhlacht um measúnú comhréireachta sna cásanna seo a leanas, an deimhniú a eisiúint:
(a)
má dhéanann údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála formheas a thabhairt roimh ré i gcás gach deimhniú Eorpach i ndáil le cibearshlándáil aonair a eisíonn comhlacht um measúnú comhréireachta; nó
(b)
má dhéanann an t-údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála an cúram na deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil a eisiúint a tharmligean go ginearálta, roimh ré, do chomhlacht um measúnú comhréireachta.
|
|
Airteagal 56 7.
|
An duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC nó seirbhísí slándála bainistithe isteach le haghaidh deimhniú, cuirfidh an duine sin an fhaisnéis go léir is gá chun an próiseas deimhniúcháin a dhéanamh ar fáil don údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a ainmnítear de bhun Airteagal 58, i gcás inarb ionann an t-údarás sin agus an comhlacht a eisíonn an deimhniú Eorpach cibearshlándála, nó don chomhlacht um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 60.
|
|
Airteagal 56 8.
|
Cuirfidh sealbhóir deimhnithe Eorpaigh cibearshlándála an t-údarás nó an comhlacht dá dtagraítear i mír 7 ar an eolas faoi aon leochaileachtaí nó neamhrialtachtaí a bhraitear ina dhiaidh sin maidir le slándáil an táirge TFC, na seirbhíse TFC, an phróisis TFC nó na seirbhíse slándála bainistithe atá deimhnithe a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an méid a chomhlíonann sé na ceanglais a bhaineann leis an deimhniú. Cuirfidh an t-údarás nó an comhlacht sin an fhaisnéis sin ar aghaidh gan aon mhoill mhíchuí chuig an údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála lena mbaineann.
|
|
Airteagal 56 9.
|
Eiseofar deimhniú Eorpach i ndáil le cibearshlándáil don tréimhse dá bhforáiltear sa scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála ar leith agus féadfar iad a athnuachan, ar choinníoll go leanfar de na ceanglais ábhartha a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 56 10.
|
Déanfar deimhniú Eorpach cibearshlándála arna eisiúint de bhun an Airteagail seo a aithint sna Ballstáit go léir.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|