+Airteagal 56 3.

Airteagal 56 3.

►M1  Déanfaidh an Coimisiún measúnú go tráthrialta ar éifeachtúlacht agus úsáid na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh agus i dtaobh an bhfuil scéim Eorpach shonrach um dheimhniú cibearshlándála le déanamh éigeantach trí dhlí ábhartha de chuid an Aontais chun leibhéal leormhaith cibearshlándála a áirithiú le haghaidh táirgí TFC, le haghaidh seirbhísí TFC, le haghaidh próisis TFC agus, ón 4 Feabhra 2025 le haghaidh seirbhísí slándála bainistithe san Aontas agus chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú. Déanfar an chéad mheasúnú den sórt sin faoin 31 Nollaig 2023, agus déanfar measúnuithe ina dhiaidh sin gach 2 bhliain ar a laghad ina dhiaidh sin. Bunaithe ar thoradh na measúnuithe sin, sainaithneoidh an Coimisiún na táirgí TFC, na seirbhísí TFC, na próisis TFC agus na seirbhísí slándála bainistithe a chumhdaítear le scéim um dheimhniú atá ann cheana agus atá le cumhdach le scéim éigeantach um dheimhniú. ◄

Mar thosaíocht, díreoidh an Coimisiún ar na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/1148 a mheasúnófar 2 bhliain ar a dhéanaí tar éis ghlacadh na chéad scéime Eorpach um dheimhniú cibearshlándála.

Agus an measúnú a ullmhú aige, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a) 

an tionchar atá ag na bearta ar mhonaróirí nó soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC nó seirbhísí slándála bainistithe den sórt sin a chur san áireamh agus an tionchar atá ag na bearta ar na húsáideoirí a chur san áireamh i dtéarmaí chostas na mbeart sin agus na leasanna sochaíocha nó eacnamaíocha a eascraíonn as an leibhéal feabhsaithe slándála a bhfuil coinne leis i leith na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe a ndírítear orthu;

(b) 

aird a thabhairt ar dhlí ábhartha na mBallstát nó tríú tíortha atá ann cheana agus ar ghlacadh an dlí sin;

(c) 

próiseas oscailte, trédhearcach agus cuimsitheach comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí ábhartha go léir agus leis na Ballstáit a chur i gcrích;

(d) 

aon sprioc-am cur chun feidhme, aon bheart idirthréimhseach agus aon tréimhse idirthréimhseach a chur san áireamh, go háirithe maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeart ar mhonaróirí nó soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC nó seirbhísí slándála bainistithe, lena n-áirítear leasanna sonracha agus riachtanais shonracha FBManna, lena n-áirítear micrifhiontair;

(e) 

an bealach is gasta agus is éifeachtúla a mholadh a gcuirfear an t-aistriú ó scéimeanna deonacha deimhniúcháin chuig scéimeanna sainordaitheacha deimhniúcháin chun feidhme.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.