+Airteagal 59 Athbhreithniú piaraí
---+Airteagal 59 1.
---+Airteagal 59 2.
---+Airteagal 59 3.
---+Airteagal 59 4.
---+Airteagal 59 5.
---+Airteagal 59 6.

Airteagal 59 Athbhreithniú piaraí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 59 1.
Chun go mbeidh caighdeáin choibhéiseacha ann ar fud an Aontais i ndáil le deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil a eisítear agus i ndáil le ráitis chomhréireachta ón Aontas, beidh na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála faoi réir athbhreithniú piaraí.
Airteagal 59 2.
Oibreofar an t-athbhreithniú piaraí ar bhonn critéar agus nósanna imeachta meastóireachta iontaofa agus trédhearcacha, go háirithe chomh fada agus a bhaineann le ceanglais struchtúracha, acmhainní daonna agus próisis, rúndacht agus gearáin.
Airteagal 59 3.

Déanfar measúnú san athbhreithniú piaraí, ar an méid seo a leanas:

(a) 

i gcás inarb infheidhme, cé acu a chloítear nó nach gcloítear le deighilt dhocht, ó thaobh ról agus freagrachtaí, idir gníomhaíochtaí na n-údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a bhaineann le deimhnithe a eisiúint dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 56(5) agus d’Airteagal 56(6), agus na gníomhaíochtaí maoirseachta de réir Airteagal 58 agus an bhfeidhmíonn an dá chineál gníomhaíochtaí go neamhspleách ar a chéile;

▼M1

(b) 

na nósanna imeachta chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar na rialacha maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh deimhnithe Eorpacha cibearshlándála de bhun Airteagal 58(7), pointe (a), le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe;

(c) 

na nósanna imeachta chun faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar na hoibleagáidí atá ar mhonaróirí nó soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC nó seirbhísí slándála bainistithe de bhun Airteagal 58(7), pointe (b);

▼B

(d) 

na nósanna imeachta maidir le gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta a fhaireachán, a údarú agus a mhaoirsiú;

(e) 

i gcás inarb infheidhme, an bhfuil an saineolas iomchuí ag foireann na gcomhlachtaí nó na n-údarás a eisíonn deimhnithe d’ardleibhéil dearbhúcháin de bhun Airteagal 56(6).

Airteagal 59 4.
Is dhá údarás maoirseachta náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála ó Bhallstáit eile agus ón gCoimisiún a dhéanfaidh an t-athbhreithniú piaraí, agus déanfar é uair amháin ar a laghad gach 5 bliana. Féadfaidh ENISA a bheith rannpháirteach san athbhreithniú piaraí.
Airteagal 59 5.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 66(2), lena mbunaítear plean don athbhreithniú piaraí a chur ar bun lena gcumhdófar tréimhse 5 bliana ar a laghad, lena leagtar síos na critéir i ndáil le comhdhéanamh na foirne athbhreithnithe piaraí, an mhodheolaíocht a úsáidfear san athbhreithniú piaraí, agus an sceideal, an tréimhsiúlacht agus cúraimí eile a bhaineann leis an athbhreithniú piaraí. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh aige, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar bhreithnithe an ECCG. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 66(2).
Airteagal 59 6.
Scrúdóidh an ECCG torthaí na hathbhreithnithe piaraí, agus cuirfidh an Grúpa sin achoimrí i dtoll a chéile a fhéadfar a chur ar fáil don phobal agus eiseoidh sé, nuair is gá, treoirlínte nó moltaí maidir le gníomhaíochtaí nó bearta a bheidh le déanamh ag na heintitis lena mbaineann.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.