+Airteagal 62 Grúpa Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála
---+Airteagal 62 1.
---+Airteagal 62 2.
---+Airteagal 62 3.
---+Airteagal 62 4.
---+Airteagal 62 5.

Airteagal 62 Grúpa Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 62 1.
Bunófar an Grúpa Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála (an “Grúpa ECCG”).
Airteagal 62 2.
Beidh an ECCG comhdhéanta d’ionadaithe ó údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála nó ó ionadaithe ó údaráis náisiúnta ábhartha eile. Ní fhéadfaidh aon chomhalta den ECCG a bheith ina ionadaí ar níos mó ná dhá Bhallstát.
Airteagal 62 3.
Féadfar cuireadh a thabhairt do gheallsealbhóirí agus do thríú páirtithe ábhartha freastal ar chruinnithe den ECCG agus páirt a ghlacadh ina chuid oibre.
Airteagal 62 4.

Beidh na cúraimí seo a leanas ar an ECCG:

(a) 

cúnamh agus comhairle a chur ar fáil don Choimisiún maidir lena chuid oibre lena áirithiú go ndéanfar an Teideal seo a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, go háirithe i ndáil le clár saothair rollach an Aontais, saincheisteanna beartais a bhaineann le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil, cur chuige beartais a chomhordú agus scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a ullmhú;

(b) 

cúnamh agus comhairle a thabhairt do ENISA agus oibriú i gcomhar léi i ndáil le scéim iarrthach a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 49 den Rialachán seo;

(c) 

tuairim a ghlacadh ar na scéimeanna iarrthacha de bhun Airteagal 44;

(d) 

a iarraidh ar ENISA scéimeanna iarrthacha um dheimhniú Eorpach cibearshlándála a ullmhú de bhun Airteagal 48(2);

(e) 

tuairimí a chuirfear faoi bhráid an Choimisiún a ghlacadh maidir leis na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála atá ann cheana a chothabháil agus a athbhreithniú;

(f) 

na forbairtí ábhartha i réimse an deimhnithe cibearshlándála a scrúdú agus faisnéis agus dea-chleachtais maidir le scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála a mhalartú;

(g) 

an comhar idir na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála faoin Teideal seo a éascú trí fhothú acmhainní agus trí fhaisnéis a mhalartú, go háirithe trí mhodhanna a leagan síos le faisnéis a mhalartú go héifeachtúil i ndáil leis na saincheisteanna uile maidir le deimhniú cibearshlándála;

(h) 

tacaíocht a chur ar fáil maidir le sásraí measúnaithe piaraí a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha a bhunaítear faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála de bhun phointe (u) d’Airteagal 54(1);

(i) 

ailíniú scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála le caighdeáin atá aitheanta go hidirnáisiúnta a éascú, lena n-airítear trí scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála atá cheana ann a athbhreithniú agus, i gcás inarb iomchuí, trí mholtaí a dhéanamh do ENISA maidir le plé a dhéanamh le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha um chaighdeánú chun aghaidh a thabhairt ar neamhdhóthanachtaí nó bearnaí sna caighdeáin aitheanta idirnáisiúnta atá ar fáil.

Airteagal 62 5.
Le cúnamh ó ENISA, is é an Coimisiún a bheidh ina chathaoirleach ar ECCG,agus cuirfidh an Coimisiún rúnaíocht ar fáil do ECCG, i gcomhréir le pointe (e) d’Airteagal 8(1).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.