|
+Airteagal 62 4. |
Airteagal 62 4.Beidh na cúraimí seo a leanas ar an ECCG:
(a)
cúnamh agus comhairle a chur ar fáil don Choimisiún maidir lena chuid oibre lena áirithiú go ndéanfar an Teideal seo a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, go háirithe i ndáil le clár saothair rollach an Aontais, saincheisteanna beartais a bhaineann le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil, cur chuige beartais a chomhordú agus scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a ullmhú;
(b)
cúnamh agus comhairle a thabhairt do ENISA agus oibriú i gcomhar léi i ndáil le scéim iarrthach a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 49 den Rialachán seo;
(c)
tuairim a ghlacadh ar na scéimeanna iarrthacha de bhun Airteagal 44;
(d)
a iarraidh ar ENISA scéimeanna iarrthacha um dheimhniú Eorpach cibearshlándála a ullmhú de bhun Airteagal 48(2);
(e)
tuairimí a chuirfear faoi bhráid an Choimisiún a ghlacadh maidir leis na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála atá ann cheana a chothabháil agus a athbhreithniú;
(f)
na forbairtí ábhartha i réimse an deimhnithe cibearshlándála a scrúdú agus faisnéis agus dea-chleachtais maidir le scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála a mhalartú;
(g)
an comhar idir na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála faoin Teideal seo a éascú trí fhothú acmhainní agus trí fhaisnéis a mhalartú, go háirithe trí mhodhanna a leagan síos le faisnéis a mhalartú go héifeachtúil i ndáil leis na saincheisteanna uile maidir le deimhniú cibearshlándála;
(h)
tacaíocht a chur ar fáil maidir le sásraí measúnaithe piaraí a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha a bhunaítear faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála de bhun phointe (u) d’Airteagal 54(1);
(i)
ailíniú scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála le caighdeáin atá aitheanta go hidirnáisiúnta a éascú, lena n-airítear trí scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála atá cheana ann a athbhreithniú agus, i gcás inarb iomchuí, trí mholtaí a dhéanamh do ENISA maidir le plé a dhéanamh le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha um chaighdeánú chun aghaidh a thabhairt ar neamhdhóthanachtaí nó bearnaí sna caighdeáin aitheanta idirnáisiúnta atá ar fáil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|