|
+Airteagal 12 Cúraimí ACER i dtaca le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh |
Airteagal 12 Cúraimí ACER i dtaca le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimhAirteagal 12 Cúraimí ACER i dtaca le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh Chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar shláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh, déanfaidh ACER, i ndlúthchomhar leis na húdaráis rialála náisiúnta agus le húdaráis náisiúnta eile, an méid a leanas:
(a)
faireachán ar na margaí mórdhíola, sonraí a bhailiú agus a chomhroinnt agus clár Aontais de rannpháirtithe sa mhargadh a bhunú i gcomhréir le hAirteagail 7 go 12 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011;
(b)
moltaí a eisiúint chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011;
(c)
imscrúduithe a shaothrú agus a chomhordú de bhun Airteagal 13 go 13c agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011;
(d)
ardáin faisnéise cos istigh agus sásraí tuairiscithe cláraithe a údarú, agus maoirseacht a dhéanamh orthu, de bhun Airteagail 4a agus 9a de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011;
(e)
an chumhacht a bheith aige íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 13g de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|