+Airteagal 30 Meithleacha
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.
---+Airteagal 30 3.
---+Airteagal 30 4.
|
Airteagal 30 Meithleacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 30 1.
|
I gcás ina mbeidh bonn cirt leis agus go háirithe chun tacú le hobair an Stiúrthóra agus an Bhoird Rialálaithe ar shaincheisteanna rialála agus chun críche tuairimí, moltaí agus cinntí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), in Airteagail 4 go 8, in Airteagal 9(1) agus (3), in Airteagal 10, i bpointe (c) d'Airteagal 11, in Airteagal 13, in Airteagal 15(4), agus in Airteagail 30 agus 43 a ullmhú, déanfaidh an Bord Riaracháin meithleacha a bhunú nó a bhaint ar bhonn togra comhpháirteach ón Stiúrthóir agus ón mBord Rialálaithe. Chun meitheal a bhunú nó a bhaint, beidh gá le tuairim fhabhrach an Bhoird Rialálaithe.
|
|
Airteagal 30 2.
|
Saineolaithe as measc bhaill foirne ACER agus na n-údarás rialála a bheidh sna meithleacha. Féadfaidh saineolaithe ón gCoimisiún a bheith rannpháirteach i meithleacha. Ní bheidh ACER freagrach as costas rannpháirtíochta na saineolaithe ó bhaill foirne na n-údarás rialála i meithleacha ACER. Déanfaidh na meithleacha barúlacha saineolaithe ó údaráis náisiúnta ábhartha eile a chur san áireamh i gcás ina mbeidh na húdaráis sin inniúil.
|
|
Airteagal 30 3.
|
Déanfaidh an Bord Riaracháin rialacha nós imeachta inmheánacha d'fheidhmiú na meithleacha a ghlacadh agus a fhoilsiú ar bhonn togra ón Stiúrthóir agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Rialálaithe agus a thuairim fhabhrach a fháil uaidh.
|
|
Airteagal 30 4.
|
Déanfaidh Meithleacha ACER na gníomhaíochtaí a shanntar dóibh sa doiciméad clársceidealaithe arna ghlacadh de bhun Airteagal 20 agus déanfaidh siad aon ghníomhaíochtaí a shannfaidh an Bord Rialálaithe agus an Stiúrthóir dóibh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0942
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|