+Airteagal 33 An buiséad a bhunú
---+Airteagal 33 1.
---+Airteagal 33 2.
---+Airteagal 33 3.
---+Airteagal 33 4.
---+Airteagal 33 5.
---+Airteagal 33 6.
---+Airteagal 33 7.
---+Airteagal 33 8.
---+Airteagal 33 9.
---+Airteagal 33 10.
---+Airteagal 33 11.

Airteagal 33 An buiséad a bhunú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 33 1.
Gach bliain, tarraingeoidh an Stiúrthóir dréachtmheastachán sealadach suas a chuimseoidh an caiteachas oibríochtúil agus an clár don obair a bhfuiltear ag súil lena dhéanamh don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, agus déanfaidh sé an dréachtmheastachán sealadach sin a thíolacadh chuig an mBord Riaracháin mar aon le liosta de phoist shealadacha.
Airteagal 33 2.
Beidh an dréachtmheastachán sealadach bunaithe ar na cuspóirí agus ar na torthaí a bhfuiltear ag súil leo i dtaca leis an doiciméad clársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 20(1) agus cuirfear san áireamh ann na hacmhainní airgeadais is gá chun na cuspóirí agus na torthaí sin a bhfuiltear ag súil leo a bhaint amach.
Airteagal 33 3.
Gach bliain, bunaithe ar an dréachtmheastachán sealadach arna ullmhú ag an Stiúrthóir, glacfaidh an Bord Riaracháin dréachtmheastachán ar ioncam agus ar chaiteachas ACER don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.
Airteagal 33 4.
Déanfaidh an Bord Riaracháin an dréachtmheastachán sealadach, lena n-áireofar dréachtphlean bunaíochta, a tharchur chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain. Sula nglacfar an meastachán, cuirfear an dréacht a d'ullmhaigh an Stiúrthóir chuig an mBord Rialálaithe agus féadfaidh an Bord sin tuairim réasúnaithe a thabhairt faoin dréacht.
Airteagal 33 5.
Déanfaidh an Coimisiún an meastachán dá dtagraítear i mír 3 a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, i dteannta le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais.
Airteagal 33 6.
Ar bhonn an dréachtmheastacháin, déanfaidh an Coimisiún na meastacháin a mheasfaidh sé a bheith riachtanach maidir leis an bplean bunaíochta agus an méid den deontas atá le muirearú ar bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagail 313 go 316 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a iontráil i dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais.
Airteagal 33 7.
Glacfaidh an Chomhairle ina ról mar údarás buiséadach an plean bunaíochta do ACER.
Airteagal 33 8.
Déanfaidh an Bord Riaracháin buiséad ACER a ghlacadh. Beidh sé ina bhuiséad críochnaitheach tar éis buiséad ginearálta an Aontais a bheith glactha go críochnaitheach. Más gá, coigeartófar é dá réir.
Airteagal 33 9.
Leanfaidh aon athrú ar an mbuiséad, lena n-áirítear ar an bplean bunaíochta, an nós imeachta céanna.
Airteagal 33 10.
Faoin 5 Iúil 2020, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht i dtaobh ar an gcuireann na hacmhainní airgeadais agus daonna atá ar fáil do ACER ar a cumas a ról faoin Rialacháin seo a chomhlíonadh maidir le bheith ag obair chun margadh inmheánach fuinnimh a bhaint amach agus chun rannchuidiú leis an tslándáil fuinnimh chun tairbhe na dtomhaltóirí san Aontas.
Airteagal 33 11.
Tabharfaidh an Bord Riaracháin fógra gan mhoill don údarás buiséadach faoi aon tionscadal atá ar intinn aige a chur chun feidhme agus a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar mhaoiniú bhuiséad ACER, go háirithe faoi aon tionscadal a bhaineann le maoin. Cuirfidh an Bord Riaracháin an Coimisiún ar an eolas faoina bhfuil ar intinn aige freisin. Má bhíonn sé ar intinn ag ceachtar brainse den údarás buiséadach tuairim a eisiúint, cuirfidh sé in iúl do ACER, laistigh de 2 sheachtain tar éis dó an fhaisnéis maidir leis an tionscadal a fháil, go bhfuil sé ar intinn aige tuairim den sórt sin a eisiúint. Mura bhfaighfear freagra, féadfaidh ACER dul ar aghaidh leis an tionscadal atá beartaithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0942
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.