|
+Airteagal 18 9. |
Airteagal 18 9.Faoin 5 Deireadh Fómhair 2019 chun an riosca a bhaineann le hilroinnt margaí a mhaolú, soláthróidh ACER tuarascáil dhea-chleachtais maidir le modheolaíochtaí taraifí tarchurtha agus dáileacháin agus, ag an am céanna, cuirfidh sí na sonraíochtaí náisiúnta san áireamh. Sa tuarascáil dea-chleachtais sin, tabharfar aghaidh ar na nithe seo a leanas ar a laghad:
(a)
an cóimheas idir na taraifí a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgeoirí agus na taraifí a chuirtear i bhfeidhm ar chustaiméirí deiridh;
(b)
na costais a bheidh le haisghabháil trí bhíthin taraifí;
(c)
taraifí gréasáin arna n-idirdhealú ar bhonn ama;
(d)
comharthaí suímh;
(e)
an gaol idir na taraifí tarchurtha agus taraifí dáileacháin;
(f)
modhanna, atá le cinneadh tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, chun trédhearcacht a áirithiú maidir le struchtúr na dtaraifí agus iad a shocrú, lena n-áirítear infheistíocht oirchilleach, atá i gcomhréir le cuspóirí ábhartha fuinnimh an Aontais agus le cuspóirí ábhartha fuinnimh náisiúnta agus na dlúslimistéir arna mbunú i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 á gcur san áireamh;
(g)
grúpaí d'úsáideoirí gréasáin a bheidh faoi réir taraifí lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, saintréithe na ngrúpaí sin, cineálacha tomhaltais, agus aon díolúine ó tharaifí;
(h)
caillteanais in eangacha ardvoltais, meánvoltais agus ísealvoltais;
(i)
dreasachtaí le haghaidh infheistíocht éifeachtúla i ngréasáin, lena n-áirítear maidir le hacmhainní lena soláthraítear solúbthacht agus comhaontuithe nasctha sholúbtha. Déanfaidh ACER a dea-chleachtas a thabhairt cothrom le dáta ar a laghad uair amháin gach 2 bhliain. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|