+Airteagal 18 Muirir ar rochtain ar ghréasáin, úsáid gréasán agus treisiú
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
---+Airteagal 18 4.
---+Airteagal 18 5.
---+Airteagal 18 6.
---+Airteagal 18 7.
---+Airteagal 18 8.
---+Airteagal 18 9.
---+Airteagal 18 10.
|
Airteagal 18 Muirir ar rochtain ar ghréasáin, úsáid gréasán agus treisiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18 1.
|
Beidh na muirir a ghearrfaidh oibreoirí líonra ar rochtain ar ghréasáin, lena n-áirítear muirir ar nascadh leis na gréasáin, muirir ar úsáid na ngréasán, agus, i gcás inarb infheidhme, muirir ar threisithe a bhaineann leis na gréasáin, costas-léiritheach, trédhearcach agus cuirfear san áireamh leo an gá le slándáil agus solúbthacht ghréasáin agus léireofar iontu na costais iarbhír a thabhaítear sa mhéid go bhfreagraíonn siad do chostais oibreora gréasáin atá éifeachtúil agus a bhfuil struchtúr inchomparáide aige agus cuirfear na muirir sin i bhfeidhm ar mhodh neamh-idirdhealaitheach. Ní áireofar ar na costais seo costais neamhghaolmhara lena dtacaítear le cuspóirí beartais neamhghaolmhara. Gan dochar d'Airteagal 15(1) agus (6) de Threoir 2012/27/AE ná do na critéir in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Treoir sin, tacóidh an modheolaíocht a úsáidtear chun na muirir ghréasáin a chinneadh, ar bhealach neodrach, le héifeachtúlacht fhoriomlán na gcóras san fhadtéarma trí chomharthaí praghais do chustaiméirí agus do tháirgeoirí agus, go háirithe, cuirfear i bhfeidhm í ar bhealach nach ndéanfaidh idirdhealú idir táirgeadh atá nasctha ar leibhéal an dáileacháin agus táirgeadh atá nasctha ar leibhéal an tarchurtha. Ní dhéanfar idirdhealú leis na muirir ghréasáin, ar bhealach dearfach ná ar bhealach diúltach, i gcoinne stóráil fuinnimh nó i gcoinne an chomhbhailithe, agus ní chruthófar leo dídhreasuithe le haghaidh na féinghiniúna, an fhéintomhaltais nó le haghaidh rannpháirtíocht sa fhreagairt don éileamh. Gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, ní bheidh na muirir sin bainteach le hachar.
|
|
Airteagal 18 2.
|
Déanfar an méid seo a leanas leis na modheolaíochtaí taraifí:
(a)
costais sheasta na n-oibreoirí córais tarchurtha agus na n-oibreoirí córais dáileacháin a léiriú agus caiteachas caipitil agus oibríochtúil araon a bhreithniú chun dreasachtaí iomchuí maidir le hoibreoirí córais tarchurtha agus le hoibreoirí córais dáileacháin a sholáthar sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, lena n-áirítear infheistíocht oirchilleach chun éifeachtúlachtaí a mhéadú, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh;
(b)
comhtháthú margaidh, comhtháthú fuinnimh in-athnuaite agus slándáil an tsoláthair a chothú;
(c)
tacú le húsáid seirbhísí solúbthachta agus úsáid nasc solúbtha a chumasú;
(d)
infheistíocht éifeachtúla agus tráthúla a chur chun cinn, lena n-áirítear réitigh chun an eangach atá ann cheana a bharrfheabhsú;
(e)
an stóráil fuinnimh, an fhreagairt don éileamh agus gníomhaíochtaí taighde gaolmhara a éascú;
(f)
rannchuidiú leis na cuspóirí a leagtar amach sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bhaint amach, an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú agus glacadh an phobail leo a chur chun cinn; agus
(g)
nuálaíocht a éascú ar mhaithe le tomhaltóirí i réimsí áirithe, amhail an digitiú, seirbhísí solúbthachta agus idirnascadh, go háirithe chun forbairt a dhéanamh ar an mbonneagar is gá chun an sprioc idirnasctha leictreachais íosta do 2030 a leagtar síos in Airteagal 4, pointe (d)(1), de Rialachán (AE) 2018/1999 a bhaint amach.
|
|
Airteagal 18 3.
|
I gcás inarb iomchuí, le leibhéal na dtaraifí a chuirfear i bhfeidhm maidir le tairgeoirí nó maidir le custaiméirí deiridh, nó maidir leo araon, soláthrófar comharthaí infheistíochta suímh ar leibhéal an Aontais, amhail dreasachtaí tríd an struchtúr taraife, chun costais an athsheolta agus na costais a ghabhann le hatreisiú na heangaí cumhachta a laghdú, agus chun méid na gcaillteanas gréasáin agus an phlódaithe gréasáin a chruthaítear, agus méid na gcostas infheistíochta sa bhonneagar a chur san áireamh.
|
|
Airteagal 18 4.
|
Nuair a bheidh na muirir ar rochtain ar ghréasán á socrú, cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:
(a)
íocaíochtaí agus fáltais a eascraíonn as an sásra um chúiteamh idir oibreoirí córais tarchurtha;
(b)
íocaíochtaí iarbhír a rinneadh agus a fuarthas mar aon le híocaíochtaí lena bhfuiltear ag súil do thréimhsí ama sa todhchaí, agus a ndéantar meastachán orthu ar bhonn tréimhsí san am atá caite.
|
|
Airteagal 18 5.
|
Beidh socrú na muirear ar rochtain ar ghréasán faoin Airteagal seo gan dochar do mhuirir a eascraíonn ón mbainistiú ar phlódú dá dtagraítear in Airteagal 16.
|
|
Airteagal 18 6.
|
Ní ghearrfar aon mhuirear sonrach gréasáin ar idirbhearta aonair maidir le trádáil thraschreasach leictreachais.
|
|
Airteagal 18 7.
|
Beidh taraifí dáileacháin ina léiriú ar chostais agus úsáid an ghréasáin dáileacháin ag úsáideoirí an chórais, lena n-áirítear custaiméirí gníomhacha. Féadfar tairifí dáileacháin á cur san áireamh, féadfaidh eilimintí d'acmhainneacht an naisc líonra a bheith ina gcuid díobh agus féadfar idirdhealú a dhéanamh eatarthu bunaithe ar ídiú fuinnimh nó próifílí giniúna úsáideoirí an chórais. I gcás ina bhfuil cur in úsáid córas méadraithe cliste curtha chun feidhme ag na Ballstáit, déanfaidh na húdaráis rialála breithniú ar tharaifí gréasáin arna n-idirdhealú ar bhonn ama agus taraifí tarchurtha agus taraifí dáileacháin, nó na modheolaíochtaí a ghabhann leobhformheas acu i gcomhréir le hAirteagal 59 de Threoir (AE) 2019/944 agus, i gcás inarb iomchuí, féadfar córas méadraithe cliste a thabhairt isteach, agus iad ina léiriú ar úsáid an ghréasáin, ar bhealach trédhearcach, cost-éifeachtúil agus intuartha don chustaiméir deiridh.
|
|
Airteagal 18 8.
|
Leis na modheolaíochtaí taraifí tarchurtha agus dáileacháin, soláthrófar dreasachtaí d’oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin chun a ngréasáin a oibriú agus a fhorbairt ar an mbealach is costéifeachtúla, lena n-áirítear trí sheirbhísí a sholáthar. Chun na críche sin, aithneoidh na húdaráis rialála costais ábhartha mar chostais incháilithe, lena n-áirítear costais a bhaineann le hinfheistíocht oirchilleach, áireoidh siad na costais sin i dtaraifí tarchurtha agus dáileacháin, agus i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh siad spriocanna feidhmíochta isteach chun dreasachtaí a sholáthar d’oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin chun éifeachtúlacht fhoriomlán an chórais ina ngréasáin a mhéadú, lena n-áirítear tríd an éifeachtúlacht fuinnimh, trí úsáid a bhaint as seirbhísí solúbthachta agus trí eangacha cliste agus córais méadraithe chliste a fhorbairt.
|
|
Airteagal 18 9.
|
Faoin 5 Deireadh Fómhair 2019 chun an riosca a bhaineann le hilroinnt margaí a mhaolú, soláthróidh ACER tuarascáil dhea-chleachtais maidir le modheolaíochtaí taraifí tarchurtha agus dáileacháin agus, ag an am céanna, cuirfidh sí na sonraíochtaí náisiúnta san áireamh. Sa tuarascáil dea-chleachtais sin, tabharfar aghaidh ar na nithe seo a leanas ar a laghad:
(a)
an cóimheas idir na taraifí a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgeoirí agus na taraifí a chuirtear i bhfeidhm ar chustaiméirí deiridh;
(b)
na costais a bheidh le haisghabháil trí bhíthin taraifí;
(c)
taraifí gréasáin arna n-idirdhealú ar bhonn ama;
(e)
an gaol idir na taraifí tarchurtha agus taraifí dáileacháin;
▼M2
(f)
modhanna, atá le cinneadh tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, chun trédhearcacht a áirithiú maidir le struchtúr na dtaraifí agus iad a shocrú, lena n-áirítear infheistíocht oirchilleach, atá i gcomhréir le cuspóirí ábhartha fuinnimh an Aontais agus le cuspóirí ábhartha fuinnimh náisiúnta agus na dlúslimistéir arna mbunú i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 á gcur san áireamh;
▼B
(g)
grúpaí d'úsáideoirí gréasáin a bheidh faoi réir taraifí lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, saintréithe na ngrúpaí sin, cineálacha tomhaltais, agus aon díolúine ó tharaifí;
(h)
caillteanais in eangacha ardvoltais, meánvoltais agus ísealvoltais;
▼M2
(i)
dreasachtaí le haghaidh infheistíocht éifeachtúla i ngréasáin, lena n-áirítear maidir le hacmhainní lena soláthraítear solúbthacht agus comhaontuithe nasctha sholúbtha.
▼B
Déanfaidh ACER a dea-chleachtas a thabhairt cothrom le dáta ar a laghad uair amháin gach 2 bhliain.
|
|
Airteagal 18 10.
|
Tabharfaidh na húdaráis rialála aird cuí ar an tuarascáil dea-chleachtais agus taraifí tarchurtha nó dáileacháin, nó na modheolaíochtaí a ghabhann leo, á socrú nó á bhformheas acu i gcomhréir le hAirteagal 59 de Threoir (AE) 2019/944.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|