+Airteagal 19a Comhaontuithe ceannaigh cumhachta
---+Airteagal 19a 1.
---+Airteagal 19a 2.
---+Airteagal 19a 3.
---+Airteagal 19a 4.
---+Airteagal 19a 5.
---+Airteagal 19a 6.
---+Airteagal 19a 7.
---+Airteagal 19a 8.
---+Airteagal 19a 9.
---+Airteagal 19a 10.
|
Airteagal 19a Comhaontuithe ceannaigh cumhachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19a 1.
|
Gan dochar do Threoir (AE) 2018/2001, déanfaidh na Ballstáit glacadh CCCanna a chur chun cinn, lena n-áirítear trí bhacainní gan údar agus nósanna imeachta nó muirir dhíréireacha nó idirdhealaitheacha a bhaint, d’fhonn intuarthacht praghsanna a sholáthar agus na cuspóirí a leagtar amach ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bhaint amach i leith na gné dícharbónúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/1999, lena n-áirítear maidir le leictreachas in-athnuaite, agus margaí leictreachais iomaíocha agus leachtacha agus trádáil trasteorann á gcaomhnú an tráth céanna.
|
|
Airteagal 19a 2.
|
Agus athbhreithniú á dhéanamh ar an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 69(2), déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, measúnú ar acmhainneacht agus inmharthanacht ardán margaidh amháin nó roinnt ardán margaidh de chuid an Aontais le haghaidh CCCanna, a úsáidfear ar bhonn deonach, lena n-áirítear idirghníomhú na n-ardán féideartha sin le hardáin eile atá ann cheana féin sa mhargadh leictreachais agus comhthiomsú an éilimh ar CCCanna trí chomhbhailiú.
|
|
Airteagal 19a 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit, ar bhealach comhordaithe, go mbeidh ionstraimí i bhfeidhm, amhail scéimeanna ráthaíochta ar phraghsanna an mhargaidh, chun na rioscaí airgeadais a laghdú a bhaineann le mainneachtain íocaíochta ceannaitheora faoi chuimsiú CCCanna agus go bhfuil rochtain orthu ag custaiméirí a bhfuil bacainní iontrála orthu i margadh na CCCanna agus nach bhfuil deacracht airgeadais acu. Féadfar a áireamh ar na hionstraimí sin, inter alia, scéimeanna ráthaíochta státbhunaithe ar phraghsanna an mhargaidh, ráthaíochtaí príobháideacha, nó saoráidí lena gcomhthiomsaítear an t-éileamh ar CCCanna, i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar comhordú go hiomchuí, lena n-áirítear le saoráidí ábhartha ar leibhéal an Aontais. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cad iad na catagóirí custaiméirí a ndírítear orthu leis na hionstraimí sin, agus cuirfidh siad critéir neamh-idirdhealaitheacha i bhfeidhm idir na catagóirí custaiméirí sin agus laistigh díobh.
|
|
Airteagal 19a 4.
|
Gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, má thacaíonn Ballstát le scéim ráthaíochta le haghaidh CCCanna, beidh forálacha sa scéim sin chun laghdú ar an leachtacht i margaí an leictreachais a sheachaint agus ní thabharfaidh sí tacaíocht do cheannach fuinnimh a ghintear le breoslaí iontaise. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh teorainn a chur leis na scéimeanna ráthaíochta sin chun tacaíocht eisiach a thabhairt do leictreachas a cheannach ó ghiniúint nua fuinnimh in-athnuaite i gcomhréir le beartais dícharbónúcháin an Bhallstáit, lena n-áirítear go háirithe i gcás nach bhfuil an margadh le haghaidh CCCanna maidir le fuinneamh in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (17), de Threoir (AE) 2018/2001 forbartha go leordhóthanach.
|
|
Airteagal 19a 5.
|
Ceadóidh na scéimeanna tacaíochta don leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite rannpháirtíocht na dtionscadal sin a fhorchoimeádann cuid den leictreachas a bhíonn ar díol trí CCC in-athnuaite nó trí shocruithe margadhbhunaithe eile, ar choinníoll nach mbeidh tionchar diúltach ag an rannpháirtíocht sin ar iomaíocht sa mhargadh, go háirithe i gcás ina bhfuil an dá pháirtí a bhfuil baint acu leis an CCC sin á rialú ag an eintiteas céanna.
|
|
Airteagal 19a 6.
|
Agus na scéimeanna tacaíochta sin dá dtagraítear i mír 5 á gceapadh acu, féachfaidh na Ballstáit le húsáid a bhaint as critéir mheastóireachta chun tairgeoirí a spreagadh chun rochtain custaiméirí a bhfuil bacainní iontrála rompu i margadh CCCanna a éascú, ar choinníoll nach mbeidh tionchar diúltach aige sin ar iomaíocht sa mhargadh.
|
|
Airteagal 19a 7.
|
Sonróidh CCCanna an crios tairisceana seachadta agus an fhreagracht as cearta tarchurtha traschreasacha a dhaingniú i gcás athrú ar chrios tairisceana i gcomhréir le hAirteagal 14.
|
|
Airteagal 19a 8.
|
Sonróidh CCCanna na téarmaí agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh custaiméirí agus táirgeoirí imeacht as CCCanna, amhail aon táille scoir agus aon tréimhse fógra is infheidhme, i gcomhréir le dlí iomaíochta an Aontais.
|
|
Airteagal 19a 9.
|
Agus bearta a dhéanann difear díreach do CCCanna á gceapadh acu, urramóidh na Ballstáit ionchais dhlisteanacha a d’fhéadfadh a bheith ann agus cuirfidh siad san áireamh éifeacht na mbeart sin ar CCCanna atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo.
|
|
Airteagal 19a 10.
|
Faoin 31 Eanáir 2026 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún a mheas an ann do bhacainní fós agus an bhfuil dóthain trédhearcachta i margaí CCCanna. Féadfaidh an Coimisiún treoir shonrach a tharraingt suas maidir le bacainní a bhaint i margaí CCCanna, lena n-áirítear nósanna imeachta nó muirir atá díréireach nó idirdhealaitheach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|