+Airteagal 19d Scéimeanna tacaíochta dírí praghais i bhfoirm conarthaí difríochta dhá threo d’infheistíocht
---+Airteagal 19d 1.
---+Airteagal 19d 2.
---+Airteagal 19d 3.
---+Airteagal 19d 4.
---+Airteagal 19d 5.
---+Airteagal 19d 6.
|
Airteagal 19d Scéimeanna tacaíochta dírí praghais i bhfoirm conarthaí difríochta dhá threo d’infheistíocht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19d 1.
|
Is i bhfoirm conarthaí difríochta dhá threo nó scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeacht céanna a bheidh scéimeanna tacaíochta dírí praghais le haghaidh infheistíocht i saoráidí giniúna cumhachta nua chun leictreachas a ghiniúint ó na foinsí a liostaítear i mír 4. Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le conarthaí faoi scéimeanna tacaíochta dírí praghais d’infheistíocht i nginiúint nua arna dtabhairt i gcrích an 17 Iúil 2027 nó ina dhiaidh sin, nó, i gcás tionscadail sócmhainní hibrideacha amach ón gcósta atá nasctha le dhá chrios tairisceana nó níos mó, an 17 Iúil 2029 nó ina dhiaidh sin. Is ar bhonn deonach a ghlacfaidh rannpháirtithe margaidh páirt i scéimeanna tacaíochta dírí praghais i bhfoirm conarthaí difríochta dhá threo agus i scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna.
|
|
Airteagal 19d 2.
|
Maidir le gach scéim tacaíochta dírí praghais i bhfoirm conarthaí difríochta dhá threo agus scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna, beidh siad ceaptha chun an méid a leanas a dhéanamh:
(a)
dreasachtaí a chaomhnú don tsaoráid giniúna cumhachta oibriú agus páirt éifeachtúil a ghlacadh sna margaí leictreachais, go háirithe chun imthosca an mhargaidh a léiriú;
(b)
cosc a chur ar aon éifeacht saofa atá ag an scéim tacaíochta ar oibriú, seoladh agus cinntí cothabhála na saoráide giniúna cumhachta nó ar iompar tairisceana i seirbhísí coimhdeacha agus margaí cothromúcháin lá roimh ré agus ionlae;
(c)
a áirithiú go ndéanfar leibhéal na cosanta luacha saothair íosta agus an uasteorainn le róluach saothair a ailíniú le costas na hinfheistíochta nua agus le hioncam margaidh, chun a ráthú go mbeidh inmharthanacht fhadtéarmach eacnamaíoch ag an tsaoráid giniúna cumhachta gan róchúiteamh a thabhairt;
(d)
saobhadh míchuí ar an iomaíocht agus ar thrádáil sa mhargadh inmheánach a sheachaint, go háirithe trí mhéideanna luacha saothair a chinneadh trí phróiseas tairisceana iomaíoch atá oscailte soiléir trédhearcach neamh-idirdhealaitheach; i gcásanna nach féidir aon phróiseas tairisceana iomaíoch a dhéanamh, ceapfar conarthaí difríochta dhá threo nó scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna, agus na praghsanna ceangail is infheidhme, chun a áirithiú nach n-eascróidh saobhadh míchuí ar an iomaíocht agus ar thrádáil sa mhargadh inmheánach as ioncam a dháileadh ar ghnóthais;
(e)
saobhadh ar an iomaíocht agus ar thrádáil sa mhargadh inmheánach a sheachaint a eascraíonn as ioncam a dháileadh ar ghnóthais;
(f)
clásail phionóis a áireamh atá infheidhme i gcás luathfhoirceannadh aontaobhach míchuí an chonartha.
|
|
Airteagal 19d 3.
|
Agus measúnú á dhéanamh ar chonarthaí difríochta dhá threo nó scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna faoi Airteagail 107 agus 108 CFAE, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfar na prionsabail dearaidh de bhun mhír 2.
|
|
Airteagal 19d 4.
|
Beidh feidhm ag mír 1 maidir le hinfheistíocht i nginiúint leictreachais nua ó na foinsí seo a leanas:
(d)
hidreachumhacht gan taiscumar;
|
|
Airteagal 19d 5.
|
Maidir le haon ioncam, nó luach coibhéiseach airgeadais an ioncaim sin, a eascraíonn as scéimeanna tacaíochta dírí praghais i bhfoirm conarthaí difríochta dhá threo agus scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna dá dtagraítear i mír 1, déanfar é a dháileadh ar na custaiméirí deiridh. D’ainneoin na chéad fhomhíre, féadfar an t-ioncam, nó luach coibhéiseach airgeadais an ioncaim sin, a úsáid freisin chun costais na scéimeanna tacaíochta dírí praghais nó infheistíocht a mhaoiniú chun costais leictreachais do chustaiméirí deiridh a laghdú. An t-ioncam a dháilfear ar chustaiméirí deiridh, ceapfar é chun dreasachtaí a choinneáil chun a dtomhaltas a laghdú nó chun é a aistriú go tréimhsí ina mbíonn praghsanna leictreachais íseal agus gan an bonn a bhaint den iomaíocht idir soláthróirí leictreachais.
|
|
Airteagal 19d 6.
|
I gcomhréir le hAirteagal 4(3), an tríú fomhír, de Threoir (AE) 2018/2001, féadfaidh na Ballstáit suiteálacha fuinnimh in-athnuaite ar mionscála agus tionscadail taispeántais a dhíolmhú ón oibleagáid faoi mhír 1 den Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|