|
+Airteagal 19e 7. |
Airteagal 19e 7.Déanfaidh an t-údarás rialála nó údarás nó eintiteas eile arna ainmniú de bhun mhír 1, na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus ACER agus iad a fhoilsiú. Laistigh de 12 mhí tar éis dó na tuarascálacha a fháil, eiseoidh ACER tuarascáil ina ndéanfar anailís orthu agus ina soláthrófar moltaí maidir le saincheisteanna a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo maidir leis na cinntí a rinne an t-údarás rialála nó údarás nó eintiteas eile arna n-ainmniú de bhun mhír 1, lena n-áirítear moltaí maidir le bacainní iontrála ar acmhainní solúbthachta neamhiontaise a bhaint. Ar na saincheisteanna a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo, déanfaidh ACER measúnú ar an méid seo a leanas:
(a)
conas an anailís ar riachtanais solúbthachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhtháthú ar bhealach níos fearr leis an modheolaíocht don mheasúnú Eorpach ar leordhóthanacht acmhainní i gcomhréir le hAirteagal 23 agus leis an modheolaíocht don phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, lena n-áirithítear comhsheasmhacht eatarthu;
(b)
na riachtanais solúbthachta mheasta sa chóras leictreachais ar leibhéal an Aontais agus an acmhainneacht a mheastar a bheidh ar fáil go heacnamaíoch sa chéad 5 bliana go 10 mbliana eile agus na tuarascálacha náisiúnta á gcur san áireamh;
(c)
bearta breise a d’fhéadfaí a thabhairt isteach chun leas a bhaint as acmhainneacht solúbthachta sna margaí leictreachais agus in oibriú an chórais leictreachais. Féadfar torthaí na hanailíse dá dtagraítear sa dara fomhír, pointe (a), a chur san áireamh in athbhreithnithe breise ar na modheolaíochtaí dá dtagraítear sa phointe sin i gcomhréir leis na gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais. Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, ar a thionscnamh féin, ionchur a sholáthar do ACER maidir le conas is féidir a áirithiú go gcomhlíonfar spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|