|
+Airteagal 19h Prionsabail dearaidh le haghaidh scéimeanna tacaíochta solúbthachta neamhiontaise |
Airteagal 19h Prionsabail dearaidh le haghaidh scéimeanna tacaíochta solúbthachta neamhiontaiseAirteagal 19h Prionsabail dearaidh le haghaidh scéimeanna tacaíochta solúbthachta neamhiontaise Maidir le scéimeanna tacaíochta solúbthachta neamhiontaise arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 19g(1):
(a)
ní rachaidh siad thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir náisiúnta táscach a bhaint amach, nó i gcás inarb ábhartha an cuspóir náisiúnta táscach sealadach, arna shainiú de bhun Airteagal 19f ar bhealach costéifeachtach;
(b)
beidh siad teoranta d’infheistíocht nua in acmhainní solúbthachta neamhiontaise amhail freagairt don éileamh agus stóráil fuinnimh;
(c)
féachfaidh siad le critéir suímh a chur san áireamh chun a áirithiú go ndéanfar infheistíochtaí in acmhainneacht nua i suíomhanna optamacha;
(d)
ní thabharfar le tuiscint leo go dtosófaí ar ghiniúint bunaithe ar bhreosla iontaise atá suite taobh thiar den phointe méadraithe;
(e)
roghnófar leo soláthraithe acmhainneachta trí phróiseas oscailte, trédhearcach, iomaíoch, deonach, neamh-idirdhealaitheach agus costéifeachtach;
(f)
coiscfear leo saobhadh míchuí ar fheidhmiú éifeachtúil margaí leictreachais, lena n-áirítear dreasachtaí oibríochta éifeachtúla agus comharthaí praghais éifeachtúla agus neamhchosaint ar éagsúlacht praghsanna agus ar riosca margaidh a chaomhnú;
(g)
soláthrófar leo dreasachtaí chun comhtháthú a dhéanamh sna margaí leictreachais ar bhealach margadhbhunaithe agus margadhfhreagrúil, agus saobhadh neamhriachtanach ar na margaí leictreachais á sheachaint an tráth céanna agus na costais a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le comhtháthú córais, plódú eangaí agus cobhsaíocht eangaí á gcur san áireamh chomh maith;
(h)
leagfar amach leo íosleibhéal rannpháirtíochta sna margaí leictreachais i dtéarmaí fuinnimh ghníomhachtaithe, lena gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí teicniúla na sócmhainne lena soláthraítear an tsolúbthacht;
(i)
cuirfear i bhfeidhm leo pionóis iomchuí ar sholáthraithe acmhainneachta nach n-urramaíonn an t-íosleibhéal rannpháirtíochta sna margaí leictreachais dá dtagraítear i bpointe (h), nó nach leanann dreasachtaí oibríochta éifeachtúla agus comharthaí praghais éifeachtúla dá dtagraítear i bpointe (f);
(j)
cuirfear chun cinn leo oscailt acmhainní do rannpháirtíocht trasteorann, ar acmhainní iad atá in ann an fheidhmíocht theicniúil is gá a sholáthar, i gcás ina bhfuil an anailís costais agus tairbhe ina leith dearfach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|