+Airteagal 53 Eintiteas AE do OCDanna a bhunú
---+Airteagal 53 1.
---+Airteagal 53 2.
---+Airteagal 53 3.
---+Airteagal 53 4.
---+Airteagal 53 5.
---+Airteagal 53 6.
---+Airteagal 53 7.
|
Airteagal 53 Eintiteas AE do OCDanna a bhunú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 53 1.
|
Beidh AE do OCDanna comhdhéanta de, ar a laghad, tionól ginearálta, bord stiúrthóirí, grúpa comhairleora straitéisigh, grúpaí saineolaithe agus ardrúnaí.
|
|
Airteagal 53 2.
|
Faoin 5 Iúil 2020, cuirfidh na hoibreoirí córas dáileacháin faoi bhráid an Choimisiúin agus ACER dréacht-reachtanna i gcomhréir le hAirteagal 54 lena n-áirítear cód iompair, liosta na gcomhaltaí cláraithe, na dréacht-rialacha nós imeachta, lena n-áirítear rialacha nós imeachta a bhaineann leis an gcomhairliúchán le ENTSO don Leictreachas agus le geallsealbhóirí eile, maille leis na rialacha airgeadais, a bheidh ag eintiteas AE do OCDanna atá le bunú. Leis na dréacht-rialacha nós imeachta um eintiteas AE do OCDanna, áiritheofar ionadaíocht chothrom de oibreoirí córais dáileacháin a bheidh rannpháirteach.
|
|
Airteagal 53 3.
|
Laistigh de 2 mhí ón lá a bhfaighfear iad, tar éis di dul i gcomhairle go foirmiúil le heagraíochtaí is ionadaithe ag na geallsealbhóirí uile, go háirithe úsáideoirí an chórais dáileacháin, tabharfaidh ACER tuairim don Choimisiún maidir leis na dréacht-reachtanna, maidir le liosta na gcomhaltaí agus maidir leis na dréacht-rialacha nós imeachta.
|
|
Airteagal 53 4.
|
Laistigh de 3 mhí ón lá a bhfaighfear an tuairim ó ACER, tabharfaidh an Coimisiún tuairim maidir leis na dréacht-reachtanna, maidir le liosta na gcomhaltaí agus maidir leis na dréacht-rialacha nós imeachta, agus tuairim ACER dá bhforáiltear i mír 3 á cur san áireamh.
|
|
Airteagal 53 5.
|
Laistigh de 3 mhí ón lá a bhfaighfear an tuairim dhearfach ón gCoimisiún, bunóidh na hoibreoirí córas dáileacháin eintiteas AE do OCDanna, agus glacfaidh siad, agus foilseoidh siad, a reachtanna agus a rialacha nós imeachta.
|
|
Airteagal 53 6.
|
Cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin agus ACER na doiciméid sin dá dtagraítear i mír 2 i gcás ina ndéantar iad a athrú nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil. Tabharfaidh an Coimisiún agus ACER a dtuairim i gcomhréir leis an bpróiseas a leagtar amach i míreanna 2, 3 agus 4.
|
|
Airteagal 53 7.
|
Na hoibreoirí córais dáileacháin sin a bheidh ina gcomhaltaí cláraithe, is iad a sheasfaidh na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí eintiteas AE do OCDanna agus cuirfear na costais sin san áireamh le linn na taraifí a bheith á ríomh. Ní dhéanfaidh na húdaráis rialála na costais sin a fhormheas ach amháin má tá siad réasúnach agus comhréireach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|