|
+Airteagal 63 1. |
Airteagal 63 1.Féadfar idirnascairí nua srutha dhírigh a dhíolmhú go ceann tréimhse teoranta, arna iarraidh sin, ó fhorálacha Airteagal 19(2) agus (3) den Rialachán seo agus ó Airteagail 6 agus 43, Airteagal 59(7) agus Airteagal 60(1) de Threoir (AE) 2019/944 ar an gcoinníoll go comhlaíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
ní mór go bhfeabhsaíonn an infheistíocht an iomaíocht i soláthar an leictreachais;
(b)
tá an leibhéal riosca a bhaineann leis an infheistíocht de chineál a fhágann nach ndéanfar an infheistíocht mura dtugtar díolúine;
(c)
ní mór an t-idirnascaire a bheith faoi úinéireacht duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh nach ionann, ó thaobh a fhoirm dlí de ar a laghad, agus na hoibreoirí córais ar ina gcórais a thógfar an t-idirnascaire sin;
(d)
gearrfar muirir ar úsáideoirí an idirnascaire sin;
(e)
ón tráth a tharla oscailt pháirteach an mhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 19 de Threoir 96/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 ), ní dhearnadh aon chuid de chostais chaipitiúla ná de chostais oibriúcháin an idirnascaire a ghnóthú ó aon chuid de na muirir a gearradh as úsáid na gcóras tarchurtha nó dáileacháin a nasctar le chéile leis an idirnascaire; agus
(f)
ní chun aimhleas na hiomaíochta ná chun aimhleas fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas atá an díolúine, ná chun aimhleas fheidhmiú éifeachtúil an chórais atá á rialáil agus a bhfuil an t-idirnascaire nasctha leis. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|