|
+Airteagal 7b Na meánastaíochtaí sonracha CO2d’fheithiclí tromshaothair de chatagóir M a ríomh |
Airteagal 7b Na meánastaíochtaí sonracha CO2d’fheithiclí tromshaothair de chatagóir M a ríomhAirteagal 7b Na meánastaíochtaí sonracha CO2 d’fheithiclí tromshaothair de chatagóir M a ríomh Maidir le feithiclí tromshaothair de chatagóir M, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
(a)
chun meánastaíochtaí sonracha CO2 i bhfoghrúpa feithicle monaróra a ríomh, measfar feithicil nua tromshaothair de chatagóir M lena hastaíochtaí sonracha CO2 mar fheithicil iomlán nó lánchriochnaithe faoi phointe 2.2.2 d’Iarscríbhinn I agus ní mheasfar iad i bpointe 2.2.3 den Iarscríbhinn sin;
(b)
de mhaolú ar phointe (a) den Airteagal seo, arna iarraidh sin ag an monaróir príomhfheithicle dá dtagraítear in Airteagal 7a, pointe (b), ar an gCoimisiún agus faoi réir an choinníll a leagtar amach i bpointe (c) den Airteagal seo, measfar feithicil nua tromshaothair de chatagóir M le hastaíochtaí sonracha CO2 a príomhfheithicle i bpointe 2.2.3 d’Iarscríbhinn I agus ní mheasfar í i bpointe 2.2.2. den Iarscríbhinn sin;
(c)
ní bheidh iarraidh faoi phointe (b) den Airteagal seo ar fheithicil nua tromshaothair de chatagóir M inghlactha más gnóthais bhainteacha nó codanna den eintiteas dlíthiúil céanna an monaróir príomhfheithicle agus an monaróir feithiclí mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (4a), de Rialachán (AE) 2017/2400 den fheithicil iomlán nó lánchríochnaithe; trí iarraidh den sórt sin a chur isteach, dearbhaíonn an monaróir príomhfheithicle nach gnóthais bhainteacha nó codanna den eintiteas dlíthiúil céanna iad; cuirfidh sé faisnéis tacaíochta ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin dó.
(d)
déanfaidh an Coimisiún, le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, na huirlisí agus an treoir nós imeachta is gá a chur ar fáil gan mhoill i bhformáid leictreonach do mhonaróirí chun iarrataí den sórt sin dá dtagraítear i bpointe (b) a chur faoi bhráid an Choimisiúin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|