+Airteagal 13f Fíneálacha riaracháin
---+Airteagal 13f 1.
---+Airteagal 13f 2.
---+Airteagal 13f 3.
|
Airteagal 13f Fíneálacha riaracháin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13f 1.
|
Féadfaidh an Coimisiún fíneáil riaracháin a fhorchur i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:
(a)
i gcás ina bhfionnann sé go bhfuil na sonraí arna dtuairisciú ag an monaróir de bhun Airteagal 13b den Rialachán seo ar neamhréir le sonraí a eascraíonn ó chomhad taifead an mhonaróra nó ó dheimhniú cineálcheadaithe an innill arna eisiúint faoi chuimsiú Rialachán (CE) Uimh. 595/2009, agus gur d’aon ghnó a rinneadh an neamhréireacht nó mar gheall ar mhórfhaillí é an neamhréireacht;
(b)
i gcás nach ndéantar na sonraí a tharchur faoin spriocdháta dá dtagraítear in Airteagal 13b(1), an dara fomhír, agus nach bhfuil bonn cirt cuí leis an moill.
Chun críocha na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) a fhíorú, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na húdaráis chineálcheadaithe ábhartha. Beidh na fíneálacha riaracháin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus ní bheidh siad níos mó ná EUR 30 000 in aghaidh na feithicle tromshaothair ar a bhfuil tionchar ag sonraí neamhréireacha nó moillithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b).
|
|
Airteagal 13f 2.
|
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an nós imeachta, agus modhanna ríofa agus bailithe na bhfíneálacha riaracháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leagan síos. Leis na gníomhartha tarmligthe sin, urramófar na prionsabail seo a leanas:
(a)
leis an nós imeachta urramófar an ceart chun dea-riaracháin, agus go háirithe an ceart chun éisteacht a fháil agus an ceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad, agus leasanna dlisteanacha na rúndachta agus rún tráchtála á n-urramú ag an am céanna;
(b)
agus na fíneálacha riaracháin iomchuí á ríomh aige, beidh prionsabail na héifeachtachta, na comhréireachta agus na hathchomhairleachta mar threoir ag an gCoimisiún, agus aird á tabhairt, i gcás inarb iomchuí, ar thromchúis agus ar éifeachtaí na neamhréireachta nó na moille, líon na bhfeithiclí tromshaothair lena mbaineann na sonraí neamhréireacha nó moillithe, meon macánta an mhonaróra, méid díchill agus comhoibrithe an mhonaróra, athdhéanamh, minicíocht agus ré na neamhréireachta nó na moille, chomh maith le haon fhíneálacha a forchuireadh roimhe sin ar an oibreoir eacnamaíoch céanna;
(c)
baileofar fíneálacha riaracháin gan moill mhíchuí trí spriocdhátaí a shocrú le haghaidh íocaíochta agus tríd an deis híocaíocht na bhfíneálacha sin a roinnt ina dtráthchodanna agus ina gcéimeanna éagsúla a chur san áireamh, de réir mar is iomchuí.
|
|
Airteagal 13f 3.
|
Measfar, maidir leis na méideanna a thiocfaidh ó na fíneálacha riaracháin, gur ioncam iad le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1242
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|