|
+Airteagal 13f 2. |
Airteagal 13f 2.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an nós imeachta, agus modhanna ríofa agus bailithe na bhfíneálacha riaracháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leagan síos. Leis na gníomhartha tarmligthe sin, urramófar na prionsabail seo a leanas:
(a)
leis an nós imeachta urramófar an ceart chun dea-riaracháin, agus go háirithe an ceart chun éisteacht a fháil agus an ceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad, agus leasanna dlisteanacha na rúndachta agus rún tráchtála á n-urramú ag an am céanna;
(b)
agus na fíneálacha riaracháin iomchuí á ríomh aige, beidh prionsabail na héifeachtachta, na comhréireachta agus na hathchomhairleachta mar threoir ag an gCoimisiún, agus aird á tabhairt, i gcás inarb iomchuí, ar thromchúis agus ar éifeachtaí na neamhréireachta nó na moille, líon na bhfeithiclí tromshaothair lena mbaineann na sonraí neamhréireacha nó moillithe, meon macánta an mhonaróra, méid díchill agus comhoibrithe an mhonaróra, athdhéanamh, minicíocht agus ré na neamhréireachta nó na moille, chomh maith le haon fhíneálacha a forchuireadh roimhe sin ar an oibreoir eacnamaíoch céanna;
(c)
baileofar fíneálacha riaracháin gan moill mhíchuí trí spriocdhátaí a shocrú le haghaidh íocaíochta agus tríd an deis híocaíocht na bhfíneálacha sin a roinnt ina dtráthchodanna agus ina gcéimeanna éagsúla a chur san áireamh, de réir mar is iomchuí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|